Tá an chéad High Spirits & Curragh Food Festival ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 23 agus 24 Meán Fómhair ag Ráschúrsa an Churraigh.
Reáchtálfar an fhéile úrnua seo in éineacht le clár rásaíochta chun sult na rásaíochta a chomhcheangal le heispéireas blasta cócaireachta.
Beidh lucht leanúna bia agus rásaíochta in ann na táirgí bia agus dí Éireannacha is fearr a tháirgtear go háitiúil a fháil, ó ghnólachtaí áitiúla i gCúige Laighean den chuid is mó.
Tabharfar deis do na mílte turasóirí bia blasta a thriail ó raon leathan díoltóirí ar nós Khalil’s Kitchen, a thairgeann bia ar Shráid an Mheán-Oirthir (Middle Eastern Street food), go Barberstown Castle a bheidh ag taispeáint a Chowder Bia Mara.
Beidh trucailí bia páirceáilte ar thaobh an bhóthair agus beidh díoltóirí deochanna lonnaithe taobh istigh de Halla na Seaimpíní.
Beidh deis ag lucht an rása scíth a ligean agus sult a bhaint as a gcuid bia in atmaisféar picnice/fhéile.
Beidh ceol beo freisin ó leithéidí Newbridge Gospel Choir, NITETRAIN agus an Havana Trio, agus beidh limistéar leanaí ann le siamsaíocht saor in aisce.
Beidh cead isteach saor in aisce ag leanaí faoi 18 mbliana d’aois. Tá ticéid ‘early bird’ ar díol ar €15 an duine, iontráil chuig na rásaí san áireamh. Is féidir leat do thicéid a cheannach ar líne ag Curragh.ie/tickets.
Ar an Domhnach is é Friends of the Curragh Irish Cesarewitch an rás mór den dara lá d’Fhéile an Fhómhair ag Ráschúrsa an Churraigh.
Ócáid charthanachta a bheidh ann freisin. Meaitseáiltear na hiontrálaithe eachaí go léir sa sean-rás cáiliúil le barraí áitiúla Chill Dara a ainmneoidh carthanachtaí éagsúla ar fud an chontae.
Rachaidh fáltais ó dhuaischiste de €5,000 do na barraí a mheaitseáiltear le capaill a chríochnaíonn sna chéad chúig áit chuig na carthanachtaí roghnaithe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.