Chosain an Tánaiste Micheál Martin a chinntí le linn na paindéime Covid agus dúirt sé nach mbeidh sé páirteach i bplé ‘soundbites’ ar an méid a rinne an Rialtas ag an am.
Tá teannas tar éis briseadh amach idir Martin agus an Taoiseach Leo Varadkar tar éis don Taoiseach cinntí maidir le paindéim – a rinneadh le linn do Martin a bheith ina thaoiseach – a cháineadh.
Ar an Luan, dúirt Varadkar go raibh an Rialtas mícheart an tír a athoscailt don Nollaig in 2020 – agus 1,500 bás Covid ina dhiaidh sin – ach dúirt sé freisin gur thug oifigigh sláinte poiblí droch-chomhairle dóibh.
‘Maidir leis an gcéad dianghlasáil i Nollag 2020, is dóigh liom, ar mhachnamh, go ndearna NPHET agus an Rialtas an cinneadh mícheart,’ a dúirt sé.
Ní hé comhairle NPHET an tír a athoscailt, ach ligean do suas le seisear ó thrí theaghlach éagsúla cuairt a thabhairt ar theach.
Dúirt an Taoiseach nár cheart go mbeadh aon athoscailt ann agus gur cheart an dianghlasáil a choinneáil.
‘Mhol NPHET cineál amháin athoscailte, rud a chiallódh go leor idirghníomhaíochtaí sóisialta, agus mholamar sa Rialtas plean athoscailte eile, a raibh roinnt fáilteachais agus roinnt tithe príobháideacha i gceist leis,’ a dúirt sé.
Dúirt sé: ‘Ag breathnú siar air, níor cheart go mbeadh oscailt ar bith ann, mar gheall ar an leagan ‘Alfa’. Agus d’athraigh sin rudaí go bunúsach.’
Tá na téarmaí tagartha (terms of reference) d’fhiosrúchán Covid le bheith críochnaithe faoi dheireadh na bliana seo.
Nuair a chuir an Irish Daily Mail ceist ar Micheál Martin arbh é an cinneadh sin an botún is mó a rinne sé in oifig, dúirt sé nach raibh sé.
Dúirt sé go raibh an cheist ‘go hiomlán as comhthéacs’.
D’áitigh an Tánaiste nach mbeadh sé i mbun ‘soundbites’ agus go bhfuil gá le hanailís níos doimhne.
‘Níl mé chun déileáil le Covid-19 trí “soundbites”,’ a dúirt sé.
‘Ach táim chun peirspictíocht níos cuimsithí a thabhairt i gcomhthéacs athbhreithnithe,’ a dúirt sé.
Dúirt sé go raibh ceart ag Varadkar a thuairimí a thabhairt ar na cinntí a rinneadh, ach go raibh ‘an ceart agam féin freisin mo dhearcadh a thabhairt sa chomhthéacs ceart, rud a dhéanfaidh mé’.
Dúirt sé freisin go bhfuil sé ag smaoineamh ar leabhar a scríobh chun an paindéim a phlé.
Mar sin féin, d’fhreagair Varadkar ag rá: ‘Níl monaplacht ag aon duine ar an eagna (No one has a monopoly on wisdom).’
Dúirt Varadkar: ‘Tá a dtuairimí ag gach duine faoi na cinntí a bhí ceart agus mícheart maidir leis an bpaindéim… Níor cheart go gceapfadh éinne go raibh siad ceart i gcónaí. Agus sílim go mbeidh cuid den fhiosrúchán Covid chun breathnú ar na rudaí sin.’
Nuair a fiafraíodh de cé acu an raibh sé féin agus Martin ina chairde, dúirt an Taoiseach nach raibh sé cinnte conas cara a shainiú, ‘go háirithe sa pholaitíocht’, ach go raibh an dá cheannaire comhrialtas ‘ag muinín as a chéile’.
Dúirt sé freisin gurb é an comhrialtas reatha ‘an ceann is cobhsaí’ dá raibh sé ina chuid ann riamh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.