Tá triúr imreoirí Real Madrid gafa ag póilíní na Spáinne as líomhnaítear go raibh físeán gnéis acu ina raibh cailín faoi aois.
Scaoileadh na himreoirí cúlchiste (reserve) tar éis cinneadh cúirte agus tar éis na sonraí ar a bhfóin phóca a urghabháil.
Níl siadsan faoi aois.
Thosaigh an cás nuair a rinne máthair cailín 16 bliain d'aois sna hOileáin Chanáracha (Canary Islands) gearán faoi thaifeadadh líomhnaithe ar chaidreamh gnéis, a dúirt na póilíní.
Dúirt siad freisin, cé gur mhaígh an cailín go raibh an caidreamh comhthoiliúil (consensual), rinneadh an taifeadadh i mí an Mheithimh gan a toiliú (consent) agus tháinig sí ar an eolas faoi le déanaí.
Tagann na gabhálacha tar éis líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéasach i gcoinne iar-cheannaire an chónaidhm (federation) sacair Luis Rubiales, a phóg buaiteoir Chorn an Domhain na Spáinne Jenni Hermoso ar a liopaí an mhí seo caite.
D'éirigh Rubiales as oifig Dé Domhnaigh tar éis seachtainí de ghlaonna dó éirí as agus tá sé le dul os comhair breithimh Dé hAoine. Áitíonn sé go raibh an phóg comhthoiliúil.
Dúirt póilíní go raibh an triúr imreoirí faoi choinneáil ag coimpléasc spóirt Real Madrid i Maidrid agus go raibh an ceathrú imreoir á fhiosrú.
Imríonn duine acu siúd a gabhadh ar fhoireann chúltaca agus imríonn beirt don tríú foireann.
D’eisigh Real Madrid ráiteas ag rá go raibh ceathrar imreoirí den fhoireann óige ceistithe ag na póilíní ‘faoi gearán faoi scaoileadh líomhnaithe físeán príobháideach trí chóras teachtaireachtaí WhatsApp’.
De réir an nuachtáin El Confidencial, is é príomhábhar an imscrúdaithe ná imreoir sa tríú foireann, a líomhnaítear a thaifead a chaidreamh gnéasach leis an duine 16 bliana d'aois.
Tá amhras ar an triúr go ndearna siad feileonacht ar a dtugtar i ndlí coiriúil na Spáinne mar 'rúin de chineál gnéasach a nochtadh', a dúirt urlabhraí póilíní.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.