Tá clár faisnéise faoin imreora peile CLG Ógie Ó Dufaigh, atá imithe ar shlí na fírinne, tar éis duais a bhuachan.
Ní raibh an réalta Ógie, a tháinig ó Chontae Mhuineachán, ach naoi mbliana déag d’aois nuair a fuair sé bás.
D’éirigh leis an chlár faisnéise, Ógie, Gradam na Gaeilge a bhaint amach i gcomórtas Gradaim Mhic Con Mídhe 2021 - 2022, Gradaim chumarsáide CLG.
Craoladh é ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anuraidh.
Is í Michelle Nic Grianna a chuir an clár i láthair agus is é Dónall Mac Ruairí a léirigh é.
Maraíodh Brendan 'Ógie’ Ó Dufaigh, captaen fhoireann peile Faoi 20 Mhuineacháin, go tragóideach i dtaisme bóthair ar a bhealach abhaile ó chluiche condae ar an 16 Iúil 2021.
Bronntar Gradaim CLG Mhic Con Mídhe gach bliain le haitheantas a thabhairt d’obair a bhaineann le gníomhaíochtaí an Chumainn Lúthchleas Gael i réimsí na cumarsáide, caidrimh phoiblí agus na hiriseoireachta.
Seo an tríú gradam atá bainte go dtí seo ag an chlár "Ógie" - bronnfar na Gradaim uilig ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh i Mí Dheireadh Fómhair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.