Beidh cosc ar charranna ó phríomh-cheantair chathair Bhaile Átha Cliath i bplean radacach chun níos mó daoine a thabhairt isteach i lár na cathrach, bíodh siad ag siúl nó ar rothair.
Is é an smaoineamh atá taobh thiar den plean ná daoine a thabhairt isteach sa chathair ar iompar poiblí go príomha, ón mbliain seo chugainn.
Tá séseo faoi phleananna a d’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (National Transport Authority , NTA) agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (Dublin City Council).
Ní cheadófar gluaisteáin a thuilleadh ar chodanna de na céanna (quays) thuaidh agus theas, gar do Dhroichead Uí Chonaill (O’Connell Bridge) nó ar Shráid na Parlaiminte agus cruthófar plasanna (plazas) nua ag Teach an Chustaim agus ag Plás Lincoln in aice leis an mbealach isteach cúil go Coláiste na Tríonóide.
Tá cosc ar charranna cheana féin ó Fhaiche an Choláiste (College Green) ó mhí na Bealtaine i mbliana agus ar Shráid Capel ó anuraidh.
De réir Dréachtphlean Iompair Lár Chathair Bhaile Átha Cliath (Draft Dublin City Centre Transport Plan) bíonn dhá ghluaisteán as gach trí i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag tiomáint tríd agus cuirfear stop le sin.
Beidh orthu dul timpeall lár na cathrach.
Tabharfar dhá ‘gheata bus’ nua isteach ar na céanna (quays) gar do Dhroichead Uí Chonaill, ceann ar an taobh ó thuaidh ag Siúlán Bhaitsiléir (Bachelors’ Walk) agus ceann ar Ché Aston ar an taobh theas.
Táthar ag súil go gcuirfidh sé seo stop le tiománaithe gluaisteáin ag úsáid lár na cathrach chun dul ó thaobh amháin den chathair go dtí an taobh eile.
Stopfar freisin do charranna casadh ar chlé ó Rae Westland go Sráid an Phiarsaigh (Pearse Street). Ina áit sin, beidh orthu casadh ar dheis agus bogadh ar shiúl ón gcathair.
Déanfar na hathruithe sin ón mbliain seo chugainn.
Tógfaidh an plean chun plasanna (plazas) a chruthú inar féidir le daoine siúl timpeall tamaill níos faide agus ní chruthófar iad go dtí 2025.
Beidh ceann ag Teach an Chustaim (Custom House), idir an foirgneamh stairiúil agus an abhainn, nó ag taobh Phlás Beresford, ó Halla na Saoirse (Liberty Hall) i dtreo Shráid Gardiner.
Ón bhliain seo chugainn laghdófar lánaí tráchta ar Shráid Gardiner agus cruthófar lánaí rothar cosanta nua.
Beidh ‘plaza’ ag Plás Lincoln freisin, agus cruthófar é seo in 2025 nó 2026.
Beidh na pleananna ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí go dtí an 1 Nollaig. Click ANSEO
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.