Beidh Oíche Ómóis d’iar-Uachtaráin an Chonradh na Gaeilge, an t-iriseoir Thomás (PT) Mac Ruairí ar Dé Sathairn seo chugainn, 9 Meán Fómhair in Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Díograiseoir, Iriseoir agus Abheochanóir ab ea Mac Ruairí i saol na Gaeilge.
Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol ag obair ar son na Gaeilge agus ag obair san iriseoireacht, agus bhí sé le cloisteáil go rialta ar Nuacht RTÉ ag tuairisciú ó na cúirteanna.
Seachas seal a thug sé ag obair le Gael Linn is ag plé leis an iriseoireacht a bhí sé ar feadh a shaoil, de réir tuairisc sa suíomh nuachta www.tuairisc.ie – ‘Fathach i saol na teanga’.
Chaith sé cuid mhór dá shaol oibre leis an Irish Press, áit a d’oibrigh sé ar feadh seacht mbliana is fiche, ó 1968 go dtí gur dúnadh é i 1995.
Is nuair a dhún an Irish Press a bhunaigh Mac Ruairí seirbhís tuairisceoireachta cúirte.
‘B’fhathach Tomás Mac Ruairí i saol na Gaeilge agus i saol na hÉireann,’ a dúradh i ráiteas ó Chonradh na Gaeilge nuair a fuair sé bás.
Bhí baint thar a bheith gníomhach ag Mac Ruairí le Raidió na Life ó bunaíodh an stáisiún friesin.
Cuid a hAon, 7.30in – Athbheochan na Gaeilge san Iriseoireacht.
Cuid a 2, 9in – Ceol beo sa Chlub thíos staighre agus Ceiliúradh ar shaol Mac Ruairí – agus fáilte roimh scéalta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.