Tá ‘promo’ don Late Late Show eisithe ag RTÉ agus Patrick Kielty sula bhfillfidh an seó ar Dé hAoine an tseachtain seo chugainn.
Ba é an físeán seo an chéad chomhartha ar a bhfuil le teacht ó nocht an seó lógó nua i mí Lúnasa.
Ach ní raibh an ulchabhán íocónach (iconic owl) le fheiceáil ag an am, agus spreag sé sin imní ar na meáin shóisialta go raibh athbhrandáil an tseó ag fágáil an ulchabhán (owl) ina dhiaidh.
Ach feictear anois go bhfuil an t-ulchabhán ar ais … owl is béas do!
Sa ‘promo’ tá an t-ulchabhán ag gabháil timpeall le hóstach nua Patrick Kielty – is é seo an ‘chéad amharc eisiach (exclusive)’.
Tá an gearrthóg 20 soicind ar fad agus tá Kielty agus an t-ulchabhán os comhair a chéile.
Buaileann an t-ulchabhán a sciatháin agus Kielty ag caitheamh a sheaicéad air. Cnagann an t-ulchabhán a crúba (claws) ar an urlár agus Kielty ag cnagadh leis a bhróga agus déanann an beirt iad féin a shocrú le chéile.
Ar deireadh, casann an t-ulchabhán a cheann 180 céim, mar a dhéanann Kielty.
‘Ó, mothaíonn sé sin níos fearr,’ a deir Kielty agus amhrán téama an Late Late Show ag tosú ag seinm agus an ghearrthóg ag druidim chun deiridh.
Deimhníonn an ‘promo’ nua go bhfanfaidh an t-ulchabhán leis an Late Late Show ó bhuail sé na haerthonnta den chéad uair i 1962 i bhfeidhm.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.