Tá rabhadh um Stádas Buí Ardteochta (high-temperature) eisithe ag Met Éireann mar gheall ar na contúirtí a bhaineann le teas agus líon ard áireamh pailine (pollen count).
Tá rabhadh tugtha ag saineolaithe do theaghlaigh a bheith ag faire amach do strus teasa (heat stress) agus coinníollacha codlata (sleeping conditions) míchompordacha
Cé go bhfuil leanaí ar ais ar scoil táthar ag súil go sroichfidh an teocht 27 céim Celsius nó níos airde Déardaoin agus Dé hAoine.
Agus cuirfidh sin brú ar go leor daoine.
Agus mar gheall ar an aimsir aisteach ag teacht ón Atlantach bhí ceann de na samhraí is teo AGUS ceann de na samhraí is fliche riamh ag Éirinn.
Dúirt Met Éireann go mbeidh an aimsir an-te agus tais (humid) don Déardaoin agus Dé hAoine.
Táthar ag súil go n-ardóidh teochtaí i rith an lae go dtí os cionn 27C i go leor ceantar amach ó chóstaí, agus nach dtitfidh teochtaí oíche faoi 15C.
D’fhéadfadh strus teasa agus coinníollacha codlata míchompordacha a bheith mar thoradh air sin, a deir Met Éireann.
Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann freisin go bhfuil áireamh pailine (pollen count) chun a bheith ard, agus go gciallaíonn an teas agus an taise (humidity) go bhfuil baol ard ann ó spóir fhungacha (fungal spores) atá contúirteach.
Tagann an tréimhse fhada te tar éis an Meitheamh is teo riamh a bheith ag Éirinn, an Iúil is fliche riamh ina dhiaidh sin, agus Lúnasa an-trína chéile.
Áiríodh leis sin Storm Francis agus Storm Betty a thug tuilte leo.
Léiríonn sonraí sealadacha gurbh é an cúigiú samhradh is teo ó thosaigh na taifid i 1900, agus an t-ochtú samhradh is fliche ó 1941 i leith.
Tharla na samhraí is teo i 1976, 1995, 2006 agus 2018.
Dúirt Met Éireann go bhfuil an tréimhse te reatha mar thoradh ar roinnt spéirlingí (hurricane), stoirmeacha trópaiceacha agus lagraigh (depressions) san Atlantach ag pumpáil aer níos teo isteach san atmaisféar uachtarach, rud a ligeann do bhrú ard (high pressure) tógáil isteach ón oirthear.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.