Tá athruithe ollmhóra á ndéanamh ag Suzanne Jackson dá cuid féin.
Úsáideann láithreoir na sraithe réaltachta (reality series) RTÉ The Style Counsellors a saineolas chun cabhrú le daoine a gcuid éadaí a athrú agus a muinín a aisghabháil (regain confidence).
Agus is cosúil go bhfuil an fiontraí áilleachta (beauty entrepeneur) agus an té a bhfuil tionchar aici ag baint suilt as a stíl féin a athrú trí chaitheamh ar mhálaí agus éadaí dearthóirí (designer clothes) só.
Tógadh grianghraf den bhean a bhí sa babhta ceannais ar Dancing With The Stars le déanaí, agus í ag taispeáint mála tan Hermès Kelly nua – spreagtha ag an deilbhín stíle Banphrionsa Grace Kelly – ar thuras ag Óstán Merrion i mBaile Átha Cliath.
Meastar go bhfuil málaí láimhe Hermès ar cheann de na rudaí is mó éileamh san fhaisean.
Cosnaíonn an mála láimhe Hermès Kelly a bhí ag Jackson timpeall €10,000, cé go mbraitheann sé ar an tír díolacháin agus am an cheannaigh.
Tháinig cáil ar mála láimhe Hermès tar éis é a fheiceáil go minic i Sex and the City.
I gclár amháin téann Samantha, carachtar Kim Cattrall, an-fhada chun a lámha a fháil ar mhála Hermès Birkin.
‘Ní hí an stíl atá chomh mór sin, is é cad a chiallaíonn sé é iompar,’ a deir Samantha le Carrie, carachtar Sarah Jessica Parker. ‘Nuair a bheidh mé ag dul timpeall an bhaile leis an mála sin, beidh a fhios agam gur éirigh liom.’
Agus tá na milliúin euro ag Jackson lena raon táirgí SOSUEME.
Cé go bhfuil an bhean gnó agus an blagálaí áilleachta (beauty blogger) fós ag siopadóireacht i siopaí na cathrach, tháinig athrú ar a ‘wardrobe’ le déanaí i dtreo lipéid dearthóirí (designer).
Chomh maith lena mála Hermès Kelly, le míonna beaga anuas tá mála bosca Chanel curtha ar taispeáint aici, chomh maith le mála láimhe clasaiceach Chanel bán.
Tá an ceannaire ar na mbrandaí áilleachta ar nós Dripping Gold tan ag dul amach freisin lena mbrógaí is fearr; an tseachtain seo caite chonacthas í ag caitheamh péire deas de Chanel ‘ballet pumps’ dhá thón.
Le déanaí, chaith Jackson péire ‘strappy YSL sandals’ dubh, lena mála bosca Chanel.
Bhí mála tote barr-láimhe Givenchy aici freisin.
Níos luaithe an samhradh seo bhog sí go dtí an Phortaingéil lena fear céile Dylan O’Connor.
Is féidir leis an láithreoir taitneamh a bhaint as an saol ard a bhuíochas dá brandaí gnó thar a bheith rathúil.
Thaifead ceann dá cuideachtaí, Sanfran Cosmetics, ar comhúinéir Jackson é leis an bhfear gnó cosmaidí Sundrelle Fran O’Gorman, brabús de bhreis is €6 milliún.
Bhronn figiúirí do ghnó eile, Cohar, brabús de níos mó ná €5 milliún.
Agus is féidir le málaí dearthóirí a bheith ina n-infheistíochtaí brabúsaí.
Tá rogha de mhálaí Hermès Kelly ar ceant ag an teach ceant Sotheby’s faoi láthair – cosúil leis an gceann ar tógadh grianghraf de Jackson leis – ar beagnach dhá oiread an bhunphraghais mhiondíola, le roinnt ag dul ar níos mó ná €20,000.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.