Na hAirí atá sásta leis an Dáil nua

01/09/2023

Cad atá in ann do na hAirí mór le rá tar éis na haithruithe sna toghcheantair – cé atá sásta agus cé atá buartha?

Cé go bhfuil imní ar muidne atá ag brath ar na hÁirí agus TDeamma agus imníoch faoi thithíocht, faoin gcóras sláinte agus faoi mhúinteoirí a aimsiú chun ár bpáistí a mhúineadh, is mó an imní atá ar na Teachtaí Dála féin – faoin Coimisiún Toghcháin.

Mar gheall ar ardú ollmhór ar dhaonra an Stáit b’éigean don Choimisiún líon na dTeachtaí Dála a mhéadú, agus b’ionann sin agus na toghcheantair a athrú, rud a bhí imníoch do gach TD.

Micheál Martin agus Leo Varadkar
An mbeidh Micheál Martin agus Leo Varadkar in ann an suíochan sa bhreis a fháil ina dtoghcheanntair féin?

Tá sé molta ag an gCoimisiún go n-ardófaí líon na dTeachtaí Dála don chéad Dáil eile ó 160 go 174, agus rinne sé freisin sraith athruithe ar thoghcheantair agus méadú ar an líon na toghcheantair ó 39 go 43.

Pléifear na hathruithe sin suas go lá an toghcháin ach tá roinnt Teachtaí Dála a mbeidh faoiseamh orthu, agus roinnt a bheidh buartha.

Tá torthaí measctha faighte ag beirt Airí de chuid Fhianna Fáil atá faoi bhrú– an tAire Tithíochta Darragh O’Brien agus an tAire Sláinte Stephen Donnelly.

Is maith an scéal é d’O’Brien agus is olc é do Donnelly.

Ceann de na hAirí faoi bhrú, Stephen Donnelly
Ceann de na hAirí faoi bhrú, Stephen Donnelly

Tá Fine Gall roinnte ina dhá chuid le toghcheantar nua le trí shuíochán ar a dtugtar Baile Átha Cliath Fine Gall Thoir agus Mullach Íde, baile Uí Bhriain, ann. Ba chóir go ndéanfadh sé go maith ansin.

Mar sin féin, beidh troid chrua ag Donnelly mar go bhfuil Cill Mhantáin scoilte ina dhá chuid agus beidh ar dhuine den chúigear Teachta Dála atá ann imeacht – is iad sin na hAirí Donnelly le Simon Harris ó Fhine Gael, in éineacht le John Brady ó Shinn Féin, Steven Mathews ón Comhaontas Glas agus Jennifer Whitmore  ó na Daonlathaithe Sóisialta.

Simon Coveney
Simon Coveney Pic:Gareth Chaney/Collins

Tá ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus an tAire Airgeadais Michael McGrath sa toghcheantar céanna i gCorcaigh Láir Theas, in éineacht le hAire Fhine Gael Simon Coveney. Agus tá an toghcheantar sin imithe ó cheithre shuíochán go cúig. Ach feictear gur cur amú é stádas ardphróifíle na dtrí airí mar is é an TD eile atá ann ná Donnchadh Ó Laoghaire ó Shinn Féin a d’fhéadfadh cuidiú leis an bpáirtí an dara suíochán a fháil ansin.

Tá Sinn Féin ag súil go ndéanfaidh siad go maith i mBaile Átha Cliath Láir Thiar freisin, toghcheantar den eite chlé atá imithe ó cheithre go cúig shuíochán. Is Teachtaí Dála iad an t-urlabhraí tithíochta ardphróifíle Eoin O’Broin agus Mark Ward ansin agus d’fhéadfaidís an tríú ceann a fháil do Shinn Féin.

Jennifer Whitmore
Jennifer Whitmore 

D’fhág na hathruithe cúrsaí níos éasca don Taoiseach de chuid Fhine Gael Leo Varadkar i mBaile Átha Cliath Thiar, áit atá ceithre shuíochán agus dhá aire go leith ann, Varadkar le Roderick O’Connor ón gComhaontas Glas agus an tAire Sóisearach Jack Chambers ó Fhianna Fáil. Tá sé sin imithe go cúig shuíochán anois agus táthar ag súil go mbuafaidh Taosigh an dara suíochán dá bpáirtí. Mura fhaigheann Leo an cúigiú suíochán anseo d’Fhine Gael déanfar é a cháineadh.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram