Féach ar seo: Tháinig Rhasidat Adeleke sa cheathrú háit … ach ar aghaidh lei chuig na Cluichí Oilimpeacha

23/08/2023

‘Ag deireadh an lae thug mé an méid a bhí agam. Sin é mo sprioc, chomh fada agus a thugaim 100% dó ní féidir liom gearán a dhéanamh’

Rith Rhasidat Adeleke rás a saoil go dtí seo i mBúdaipeist chun iarracht a dhéanamh glóir a thabhairt d’Éirinn.

Ach níor éirigh lei an uair seo – tar éis an rása bhí na saineolaithe ag tuar go n-éireodh go maith léi sna cluichí Oilimpeacha.

Agus dúirt sí féin: ‘Ag deireadh an lae thug mé an méid a bhí agam. Sin é mo sprioc, chomh fada agus a thugaim 100% dó ní féidir liom gearán a dhéanamh.’

Briseadh croí a bhí ann d’Adeleke i gCraobhchomórtas Lúthchleasaíochta an Domhain nuair a chríochnaigh sí díreach taobh amuigh de na boinn sa cheathrú háit sa bhabhta ceannais 400m.

Chuir Adeleke gach rud isteach i mBúdaipeist ach bhrúigh na triúr buanna den chéad scoth í amach.

adele
Rhasidat Adeleke

Tháinig Mariledy Paulino ón Phoblacht Dhoiminiceach abhaile ar dtús, agus ina dhiaidh sin Natalia Kaczmarek na Polainne agus Sada Williams ó Barbadós.

Ansin tháinig Adeleke isteach.

Ba léiriú an-láidir fós é ón mbean atá 20 bliain d’aois, a bheidh 21 bliain d’aois an tseachtain seo chugainn, i mbliain inar bhuaigh sí ór ag Craobhchomórtais an NCAA i mí an Mheithimh freisin.

Laoch na hÉireann
Laoch na hÉireann

Ba é Adeleke an dara duine a bhain an ceathrú háit amach d’Éire sna craobhchomórtais seo. Tháinig Ciara Mageean díreach taobh amuigh de na boinn i mbabhta ceannais an 1500m oíche Dé Máirt.

Chuaigh Rhasidat Adeleke isteach sa rás agus an tír ar fad an-dóchasach go mbeadh sí ar an gcéad sprinter Éireannach a bhainfeadh bonn i gCraobh an Domhain i mbouta ceannais 400m na mban.

Chuaigh an sprinter as Tamhlacht, i mBaile Átha Cliath, atá tar éis beagnach soicind go leith a bhaint de thaifead na hÉireann le 12 mhí anuas, isteach sa bhabhta ceannais i mBúdaipeist agus go leor ar fud na hÉireann ag breathnú ar RTÉ ag súil le laoch nua.

Fuair Adeleke áit sa bhabhta ceannais le rith fo-50 sa dara háit sa bhabhta leathcheannais Dé Luain, tar éis di rith abhaile sa ‘home stretch’ chun an dara háit a bhaint amach taobh thiar den ‘Domincan’ , Mariley Paulino, a bhuaigh Bhoinn Airgid Oilimpeacha.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram