Nuair a fhilleann na leanaí ar scoil is am daor é do theaghlaigh, mar sin seo roinnt leideanna chun costais bia a laghdú.
Is féidir le tuismitheoirí níos mó a fháil ar a gcuid airgid le pleananna éasca dinnéir i lár na seachtaine; agus is féidir leo airgead a shábháil ar lónta scoile.
Más féidir le teaghlaigh cur amú bia a chosc, cabhróidh sé sin leo airgead a shábháil agus, ag an am céanna, a chinntiú go bhfuil leanaí cothaithe (nourished) go maith.
Is féidir le hathruithe beaga inár n-iompraíochtaí laethúla tionchar mór a dhéanamh freisin, le himeacht ama.
Tá Lidl i gcomhar le FoodCloud, a oibríonn chun a chinntiú nach gcuirtear aon bhia maith amú, chun ceithre leid shimplí a thabhairt do dhaoine chun cur amú bia a laghdú:
Bíodh na Leanaí páirteach
Is mó an seans go n-íosfaidh leanaí bia a raibh baint acu le déanamh, rud a fhágann go mbeidh níos lú dramhaíola (waste) ann. Lig dóibh cabhrú le lónta a ullmhú.
Déan Plean
Ullmhaigh don tseachtain amach romhainn trí phlean a dhéanamh. Smaoinigh ar na cineálacha lónta is mó a thaitníonn le do leanaí. Is mór an chabhair duit liosta a dhéanamh chun tú a chur in eagar.
Seiceáil an méid atá fágtha sa bhosca lóin
Coinnigh súil ar bhia atá ag teacht ar ais agus nár ith siad. Is bealach iontach é seo le fáil amach cén bia a thaitníonn nó nach dtaitníonn le do leanaí. Go minic d’fhéadfadh go mbeadh an iomarca bia ann freisin agus is é an réiteach atá ann ná méideanna na gcodanna a laghdú.
Gearr torthaí ina shlisní
Má ghearrtar torthaí féadann sé a bheith níos gaiste agus níos fusa é a ithe. Tá sé léirithe ag staidéir go bhfuil leanaí suas le 61% níos sásta le úlla slisnithe seachas úlla iomlána.
Agus ná déan trácht ar na táibléid
Idir an dá linn lorgaíonn 26% de thuismitheoirí cúnamh airgeadais chun íoc as gléasanna leictreonacha ar nós iPadanna le haghaidh oideachais.
Ina theannta sin, d’aontaigh 30% go láidir go dtiocfadh strus airgeadais as feistí den sórt sin a cheannach, agus d’aontaigh 45% go pointe áirithe.
Léirigh suirbhé a rinne Refurbed go bhfuil éagsúlacht mhór sna buiséid le haghaidh gléasanna leictreonacha, le 21% sásta idir €101 agus €200 a chaitheamh agus 15% oscailte do €501 nó níos mó a chaitheamh ar ghléasanna.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.