Deimhneofar filleadh Jim McGuinness mar bhainisteoir peile Dhún na nGall oíche Dé Luain, de réir foinsí.
Tá cruinniú speisialta coiste glaoite ag Bord Contae Dhún na nGall oíche Dé Luain.
De ghnáth bíonn cruinnithe Boird Contae ag CLG Dhún na nGall ar an gcéad Luan de gach mí, mar sin ní raibh an chéad cheann eile sceidealaithe go dtí an 2 Meán Fómhair.
Tugadh le fios do chlubanna Dé Domhnaigh, áfach, go mbeidh cruinniú speisialta ar siúl Dé Luain, áit a bpléifear post an bhainisteora.
Tá go leor tuairimíochta le laethanta anuas go bhfuil McGuinness, an bainisteoir a bhuaigh Craobh na hÉireann 2012, ar tí filleadh.
Agus beidh tuairimíocht ann dá bhfillfidh McGuinness gur féidir Michael Murphy a mhealladh ar ais as scor idirchontae.
D’éirigh peileadóir is fearr Dhún na nGall as imirt don chontae i mí na Samhna anuraidh, ach d’fhéadfadh filleadh a iarbhainisteoir a chur ina luí ar chaptaen buacach na hÉireann 2012 filleadh ar feadh séasúr amháin.
Tá an post mar bhainisteoir Dhún na nGall folamh ó d’imigh an bainisteoir eatramhach Aidan O’Rourke ag deireadh fheachtas craobh na bliana seo.
Tuigtear gur aontaigh McGuinness i bprionsabal filleadh ar an mbainisteoir, naoi mbliana tar éis dó éirí as an ról, tar éis chluiche ceannais na hÉireann in 2014, nuair a bhí an bua ag Ciarraí in aghaidh Dun na nGall.
Ag an am, d’fhág McGuinness na Cluichí Gaelacha chun a aisling faoi bhainistíocht sacair a leanúint.
Tá Ceadúnas Pro UEFA aige agus d’oibrigh sé ag traenáil do chlubanna ar nós Celtic agus Beijing Guoan sa tSín.
Bhí sé ina phríomhchóitseálaí ar Charlotte Independence sna Stáit Aontaithe freisin.
Le déanaí, bhí sé ag obair leis na foirne faoi aois le Derry City.
Mar sin féin, níor éirigh lena iarrachtaí post sinsearach bainistíochta eile a aimsiú, tar éis a thaithí i Charlotte.
Ní raibh foireann CLG á bhainistiú aige ó d’éirigh leis le Dún na nGall nuair a bhuaigh sé Craobh na hÉireann uair amháin agus trí chluiche Uladh i gceann ceithre bliana.
D’oibrigh sé sa chlub i Lú, áfach, agus chuidigh sé le Conor Laverty sa Dún.
Ba bhliain chorraitheach (tumultuous) í do pheileadóirí Dhún na nGall tar éis do Paddy Carr teacht in áit Declan Bonner – a d’éirigh as le linn feachtais Sraithe Náisiúnta nuair a leagadh amach as Roinn a hAon iad – agus ansin tháinig O’Rourke isteach.
Chuir baill an phainéil roghnúcháin in iúl do McGuinness – lena n-áirítear buaiteoirí chraobh na hÉireann 1992 Martin McHugh agus Anthony Molloy – roinnt seachtainí ó shin maidir le filleadh féideartha.
Chas McGuinness le hoifigigh bhord an chontae ó shin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.