Tá filleadh drámatúil déanta ag Jim McGuinness ar an mbainistíocht idirchontae tar éis dó a bheith deimhnithe mar bhainisteoir peile sinsir nua Dhún na nGall.
Deimhníodh a athcheapadh ag cruinniú a thionóil go speisialta de bhord an chontae tráthnóna Dé Luain.
Agus tá Colm McFadden, Neil McGee agus Luke Barrett ainmnithe mar chuid dá fhoireann sa chúlra.
Spreagfaidh a fhilleadh mar bhainisteoir mórán dóchais sa chontae tar éis bliain dheacair inar chaill siad bainisteoir, Paddy Carr, agus ansin chuaigh siad isteach i Roinn a Dó.
Chaill siad in aghaidh an Dúin i gCraobh Uladh ansin ach rinne siad roinnt feabhsúcháin agus Aidan O’Rourke i gceannas mar bhainisteoir an áir.
Nuair a chuaigh McGuinness i gceannas ar an gcéad dul síos in 2010, bhí Dún na nGall i Roinn a Dó freisin ach tháinig feabhas tapa orthu agus straitéis chosanta á fhorbairt aige.
Le sin bhí sé an-deacair iad a bhriseadh síos ach is teimpléad é atá in úsáid mar ag foirne ag leibhéal idirchontae agus club ó shin. Agus tá sé cáinte go mór as peil leadránach a thabhairt isteach.
Ach d’oibrigh an straitéis do Jim McGuiness agus Dún na nGall mar taobh istigh de dhá bhliain bhí craobh Uladh buaite acu faoi dhó agus ba iad Seaimpíní na hÉireann in 2012.
Ansin in 2014 bhuaigh siad in aghaidh Bhaile Átha Cliath, le Jim Gavin mar bhainisteoir, i gcluiche leathcheannais na hÉireann, rud a bhí ina bhua ollmhór dóibh.
Mar bhainisteoir spreag sé amhrán an tsamhraidh sin freisin, Jimmy’s Winning Matches. Cliceáil anseo chun an físeán a fheiceáil arís.
Beidh go leor caint anois ag us tuairimíocht go bhfuil seans go mbeidh Michael Murphy ar ais freisin.
D’éirigh an peileadóir is fearr Dhún na nGall as imirt don chontae i mí na Samhna anuraidh, ach d’fhéadfadh filleadh a iarbhainisteoir a chur ina luí ar an chaptaen a bhí i gceannas i 2012 filleadh ar feadh séasúr amháin.
Tá McGuinness ag filleadh, naoi mbliana tar éis dó éirí as an ról, tar éis chluiche ceannais na hÉireann in 2014, nuair a bhí an bua ag Ciarraí in aghaidh Dun na nGall.
Ag an am, d’fhág McGuinness na Cluichí Gaelacha chun a aisling faoi bhainistíocht sacair a leanúint.
Tá Ceadúnas Pro UEFA aige agus d’oibrigh sé ag traenáil do chlubanna ar nós Celtic agus Beijing Guoan sa tSín.
Bhí sé ina phríomhchóitseálaí ar Charlotte Independence sna Stáit Aontaithe freisin.
Le déanaí, bhí sé ag obair leis na foirne faoi aois le Derry City.
Mar sin féin, níor éirigh lena iarrachtaí post sinsearach bainistíochta eile a aimsiú, tar éis a thaithí i Charlotte.
Ní raibh foireann CLG á bhainistiú aige ó d’éirigh leis le Dún na nGall nuair a bhuaigh sé Craobh na hÉireann uair amháin agus trí chluiche Uladh i gceann ceithre bliana.
D’oibrigh sé sa chlub i Lú, áfach, agus chuidigh sé le Conor Laverty sa Dún.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.