Níor ceadaíodh an rás snámha ina bhfuair beirt fhear bás

21/08/2023

Deir Triathlon Ireland gur thug sé foláireamh d’eagraithe nach bhféadfadh siad an rás a cheadú mar gheall ar an aimsir

Tá sé ráite ag Triathlon Ireland nár cheadaigh siad an rás snámha inar bhásaigh beirt fhear ag ócáid Ironman i gCorcaigh.

Níor cheadaigh siad an rás mar gheall ar an drochaimsir, a dúirt sé.

Beidh fiosrúchán iomlán ar siúl tar éis do Ivan Chittenden, 64, agus Brendan Wall, 45, bás a fháil i gCorcaigh Dé Domhnaigh.

Dúirt Triathlon Ireland, comhlacht rialaithe an spóirt, gur dheimhnigh siad d’eagraithe an rása nach raibh sé indéanta an rás a cheadú.

Ivan Chittenden, 64,
Ivan Chittenden, 64,

Dúirt siad: ‘D’imeacht Ironman Cork, de réir an ghnáthchleachtais, d’fhreastail Oifigigh Theicniúla Triathlon Ireland roimh thús an rása chun athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha agus measúnú sábháilteachta uisce a dhéanamh.

‘De bharr coinníollacha díobhálacha (adverse conditions) ar an lá, dheimhnigh oifigigh theicniúla Triathlon Ireland d’eagraithe an rása nach raibh sé indéanta an rás a cheadú.’

Dúirt an grúpa, ina stair 40 bliain ‘go bhfuil taifead sábháilteachta iontach ag an spórt in Éirinn’.

Bhí roinnt athruithe ar an imeacht mar gheall ar aimsir thromchúiseach agus Stoirm Betty, agus tháinig iomaitheoirí ó áiteanna ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain chun dul san iomaíocht le cáiliú do na chéad chéimeanna eile i Haváí i mí Dheireadh Fómhair 2024.

Brendan Wall, 45
Brendan Wall, 45

Bhí sé le bheith ar siúl Dé Sathairn ach cuireadh siar é go dtí Dé Domhnaigh agus laghdaíodh fad an tsnámh chomh maith.

Bhí an snámh le bheith ar 3.8km ó Thrá ghainmheach Front Strand in Eochaill (Youghal), ach gearradh é go 1.9km.

Thaispeáin píosaí scannáin drámatúla tonnta garbha ag bualadh snámhóirí gar don chladach agus iad ag iarraidh dul isteach san uisce.

Ag 6.50rn Dé Domhnaigh bhí postáil le feiceáil ar leathanach Facebook Ironman Ireland, a thug eolas do rannpháirtithe ar na hathruithe ar fhad an chúrsa snámha.

Dúirt sé: ‘Ciallaíonn sé seo gur féidir linn ár bhfoireann sábháilteachta snámha go léir a dhíriú ar an snámh is sábháilte agus is féidir a sholáthar dár lúthchleasaithe go léir.’

An rás
An rás

Ag 7.35rn cuireadh tús leis an snámh, bhí sé le tosú ag 6.30rn.

Faoi 8.01rn fuair an RNLI in Eochaill glaoch chun cabhrú le fear san uisce.

Rinneadh scrúdú iarbháis ar an mbeirt fhear tráthnóna Dé Luain in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh (Cork University Hospital).

Dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí nach bhfuil ‘imscrúdú ar bith’ ar na básanna ‘ag an am seo’, agus chuir sé feillbheart (foul play) as an áireamh.

Dúirt urlabhraí le Ironman Ireland gurb í an ‘thosaíocht is mó’ atá acu ná sábháilteacht a lúthchleasaithe agus gach duine eile atá páirteach ann.

I ráiteas níos luaithe, dúirt Ironman Ireland go ndearna an fhoireann sábháilteachta ar an snámh ‘gach seiceáil caighdeánach prótacail sábháilteachta a dhéantar ag gach rás agus go raibh na coinníollacha uisce cinnte sábháilte chun an snámh a dhéanamh’.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram