Eagla roimh ‘water charges revolt’ le cáin nua RTÉ

21/08/2023

Tá €4.5 milliún caillte cheana féin ag RTÉ i dtáillí ceadúnais teilifíse mar gheall ar scannal na n-íocaíochtaí … agus is beag an tacaíocht atá ann do níos mó airgid poiblí a chur ar fáil.

Tá foláireamh tugtha ag Airí Rialtais go mbeidh éirí amach sa Dáil má dhéanann siad iarracht cáin RTÉ a thabhairt isteach.

Deir siad go mbeidh an fhearg chéanna ann agus a bhí nuair a rinne siad iarracht táillí uisce (water charges) a thabhairt isteach.

Ó tharla scannal na n-íocaíochtaí in RTÉ tá thart ar €4.5 milliún caillte ag an stáisiún toisc nach bhfuil daoine ag íoc a dtáille ceadúnais teilifíse (TV licence) a thuilleadh.

Michael McGrath ag cuir €25 milliún ar fáil do RTÉ
Michael McGrath ag cuir €25 milliún ar fáil do RTÉ

Agus beidh ar an Aire Airgeadais Michael McGrath thart ar €25 milliún sa bhreis a chur ar fáil mar thacaíocht do RTÉ go luath.

Moladh amháin ná gur cheart go mbeadh cáin ar gach teaghlach agus gur cheart do na Coimisinéirí Ioncaim (Revenue Commissioners) í a bhailiú do RTÉ.

Ach d’fhiafraigh aire amháin: ‘An bhfuil siad dáiríre? An bhfuil siad ag moladh go dáiríre go ngearrfaimid an choibhéis (equivalent) teilifíse ar tháillí uisce roimh olltoghchán?’

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go gcreideann sé go bhfuil sé beagnach in am reachtóireacht a dhéanamh ar mhaoiniú (funding) RTÉ.

Catherine Martin
Catherine Martin

Dúirt aire amháin, áfach: ‘Dá ndéanaimid é seo in 2024 bheadh fearg ar an bpobal. Bheadh éirí amach polaitiúil ann dá ndéanfaí iarracht é seo a dhéanamh.’

Anuraidh, tar éis dó bliain a thógáil le breithniú a dhéanamh ar Choimisiún na Meán um Thodhchaí na Meán, dhiúltaigh an Rialtas cinneadh na tuarascála gur cheart dó maoiniú díreach ón Státchiste ó ioncam cánach ginearálta a chur in ionad an cheadúnais teilifíse reatha.

Ghlac an Comhrialtas leis an 49 moladh eile. Bliain ina dhiaidh sin, tá roghanna eile fós le teacht ag an Rialtas.

Creidtear go bhfuil sraith roghanna tugtha do ceannairí na trí pháirtí sa Rialtas agus don Aire Meán Catherine Martin maidir le maoiniú fadtéarmach RTÉ amach anseo.

Leo Varadkar
Leo Varadkar

Is é an rogha is fearr le RTÉ ná go mbaileodh na Coimisinéirí Ioncaim táillí ó gach teaghlach, rud a chiallódh níos lú imghabhála (evasion), rud a chosnaíonn €6 milliún in aghaidh na bliana ar RTÉ.

Dúirt Aire amháin: ‘Tá imní orm gurb é an rud a chloisim ó RTÉ i gcónaí ná gurb é cúram an Rialtais iad a tharrtháil (rescue). Tá siad mícheart. Is é cúram RTÉ é féin a tharrtháil.

‘Caithfidh siad teacht chugainn le plean: b’fhearr tairiscint (offer) nach féidir linn a dhiúltú. Teastaíonn soiléireacht uainn sular féidir linn fiú breathnú ar mhaoiniú don todhchaí.’


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram