Ag tús na gCraobhchomórtas Domhanda Lúthchleasa (World Athletics Championships) i mBúdaipeist bhraith sé beagnach go raibh muid ar ais i dtús na Nóchaidí ag breathnú ar Sonia O’Sullivan.
Maidir le lúthchleasaíocht tá an t-ainm Sonia O’Sullivan ar eolas ag gach duine ach anois tá a hiníon Sophie ag leanúint cosán den chineál céanna.
Rinne Sophie O’Sullivan, atá 21 bliain d’aois, iarracht cáiliú (qualify) do na babhtaí leathcheannais den 1500m ar Dé Sathairn agus cé go raibh sí chomh gar sin, níor éirigh lei dul isteach sna seisiúr sa deireadh.
B’fhéidir nár éirigh léi é a dhéanamh, ach d’éirigh léi cúig soicind a bhaint as a cuid ama pearsanta, ag 4:02:15, rud a léiríonn go bhfuil neart fós le tabhairt ag an mbean seo as Corcaigh sna blianta amach romhainn.
Go gairid tar éis di éirí as an rian, labhair Sophie O’Sullivan le Virgin Media faoin taithí a bhí aici den rás roimh réidh, agus dúirt go raibh sí ullamh don rud maith agus don rud olc.
Dúirt sí: ‘Dúirt mé liom féin má dhéanaim mo dhícheall, caithfidh mé a bheith sásta leis sin agus tá mé.’
Ní raibh a fhios aici roimh réidh cad a bheadh sí ag súil leis sa chomórtas, dúirt sí gur eispéireas maith a bhí ann agus go mbeidh sí ag foghlaim uaidh sin.
Nuair a fiafraíodh di an mbeadh a máthair, an lucht leanúna is mó atá aici, sásta lena léiriú, dúirt Sophie O’Sullivan, agus giorra anála uirthi (gasping for breath), leis an lucht féachana: ‘Ní theastaíonn uaithi i gcónaí ach spraoi a bheith agam agus mé a bheith sásta chomh fada agus is féidir liom.’
Cé nach bhféadfadh ach seisear reathaí cáiliú (qualify), agus Sophie O’Sullivan ag teacht san ochtú háit, rith sí san am is fearr a bhí aici ríomh. Mar sin tá a fhios ag an lúthchleasaí óg go bhfuil sí ag feabhsú an t-am ar fad.
Dúirt sí go láidir diongbháilte: ‘Ní féidir liom ach éirí níos láidre as sin.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.