Athbhreithniú faoi ‘cheisteanna airgeadais’ ag an Peter McVerry Trust

‘Auditor’ neamhspleách ceaptha le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Peter McVerry Trust

Tá an Roinn Tithíochta curtha ar an eolas faoi  ‘cheisteanna féideartha (potential) airgeadais’ ag an gcarthanas tithíochta (housing charity), Peter McVerry Trust, de réir an Business Post.

I ráiteas, dúirt urlabhraí don Aire Tithíochta Darragh O’Brien go dtuigeann siad go bhfuil iniúchóir (auditor) neamhspleách ceaptha anois ag Feidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Didine Réigiún Bhaile Átha Cliath (Dublin Regional Homeless Executive) chun athbhreithniú airgeadais agus rialachais a dhéanamh ar Peter McVerry Trust.

Peter McVerry
Peter McVerry

Tuigtear gur cuireadh an Roinn ar an eolas faoin bhfadhb i lár mhí Iúil.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach nuacheaptha ar Peter McVerry Trust, Frances Doherty, gur bhain na saincheisteanna le ‘brúnna sreafa airgid’.

Dúirt sé le Nuacht RTÉ go raibh an carthanas ‘ag iarraidh an iomarca a dhéanamh in an iomarca réimsí’.

I ráiteas, dúirt an carthanas go bhfuil ‘brúnna sreafa airgid (cashflow pressures) níos géire ná mar a bhí go traidisiúnta’ á fhulaingt acu, fiú ag cur san áireamh tréimhse an tsamhraidh.

Darragh OBrien 1 768x448 1
Darragh O’Brien

‘Tá sé thar a bheith soiléir go bhfuil dualgais ar an eagraíocht ar rialtóirí (regulators) agus ar mhaoinitheoirí reachtúla (statutory funders) dúshláin mar seo a nochtadh nuair a thagann siad chun cinn agus tá sé sin déanta ag an eagraíocht go réamhghníomhach (proactively) agus go trédhearcach (transparently),’ a dúirt an ráiteas.

Dúirt sé freisin gurb iad an Roinn Tithíochta agus Feidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Didine Réigiún Bhaile Átha Cliath (Dublin Regional Homeless Executive) a príomh-mhaoinitheoirí agus go bhfuil sé ag obair go dlúth leo mar sin.

‘Ó cuireadh an Roinn agus an Feidhmeannas ar an eolas ar dtús, tá ár mbrúnna ar shreabhadh airgid (cashflow) ag laghdú agus tá dearcadh soiléir againn ar réiteach atá faoi cheangal ama acu,’ a dúirt sé.

Homeless shadow2 768x448 1

Tá sé ráite ag an Roinn Tithíochta go leanfar ar aghaidh gan bhriseadh ar gach seirbhís a chuireann an Trust ar fáil.

Mhínigh sé, cé nach ndéanann an Roinn aon seirbhís do dhaoine gan dídean a mhaoiniú go díreach, go gcuireann sí maoiniú ar fáil d’údaráis áitiúla i dtreo chostas oibriúcháin lóistín do dhaoine gan dídean agus seirbhísí gaolmhara.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram