Gardaí ag ATMs agus na mílte ag tógáil ‘free money’ amach

16/08/2023

Bhí scuainí (queues) ollmhóra ag ATMs ar fud na tíre tar éis fadhbanna le seirbhís Bhanc na hÉireann ar líne agus bhí gach rud trína chéile

Cuireadh Gardaí chuig ATMs ar fud na tíre oíche Dé Máirt chun stop a chur le Custaiméirí Bhanc na hÉireann ‘airgead in aisce’ a thógáil amach.

Chuaigh na mílte custaiméir chuig ATManna ag iarraidh leas a bhaint as fadhb mhór le seirbhís ar líne an bhainc.

I gcásanna áirithe, thug locht leis an aip ar líne deis do dhaoine nach raibh aon airgead ina gcuntas acu, suas le €1,000 a aistriú chuig a gcuntas Revolut.

Custaiméirí ag ATMs
Custaiméirí ag ATMs

D’fhéadfaidís an t-airgead a aistarraingt (withdraw) ansin ó chuntas Revolut trí ATM ar bith.

Mar sin féin, ní raibh rochtain (access) ag custaiméirí eile ar a gcuntais ar feadh uaireanta agus ní raibh siad in ann airgead a aistriú le haghaidh ‘íocaíochtaí tábhachtacha’.

Bhí custaiméirí a bhí thar lear ar saoire nó ar ghnó san áireamh.

Chuir an banc na custaiméirí ar an eolas níos luaithe go raibh fadhb ann lena shuíomh Gréasáin baincéireachta pearsanta – tar éis do go leor daoine glaoch orthu cheana féin chun gearán a dhéanamh.

Agus faoin tráthnóna, thuig custaiméirí go bhféadfadh siad suimeanna móra airgid a fháil ó ATManna fiú mura raibh mórán airgid acu ina gcuntais.

Gardaí
Gardaí

Tháinig Gardaí ansin ag ATManna, áit a raibh daoine ann chun airgead a thógáil amach, agus dúirt siad leo bogadh ar aghaidh.

Bhí na mílte daoine i scuainí fada ag ATManna  áirithe chun airgead a aistarraingt – agus bhí cuid acu ag glacadh airgid nach raibh acu ina gcuntais féin.

Dúirt foinse: ‘Thosaigh daoine ag caint faoi tar éis 5pm agus iad ag rá go raibh sé seo ag tarlú agus scaip an eolas go tapa.

‘Bhí daoine ann nach raibh rótharraingt (overdraft) acu in ann mile euro a thabhairt amach nach raibh acu. Bhí daoine ag rá go raibh sé cosúil le airgead a fháil saor in aisce.

‘Dúradh le Gardaí na scuainí a scaipeadh.’

Dúirt an fhoinse: ‘Beifear ag súil go n-íocfaidh na daoine seo an airgead ar ais ach táimid fós ag plé an cheist.’

De réir mar a scaipeadh focal agus físeáin go tapa ar na meáin shóisialta, chuaigh daoine chuig ATManna i mBaile Átha Cliath, Luimneach agus san Uaimh, (Navan) Co. na Mí, i measc ceantair eile.

I ráiteas tar éis 11pm, thug Banc na hÉireann rabhadh do chustaiméirí go ndéanfar aon airgead a thógfar as a gcuntas a thaifeadadh mar fhiach.

Banc na hÉireann
Banc na hÉireann

Dúirt siad: ‘Tá a fhios againn go mb’fhéidir nach mbeidh custaiméirí in ann a n-iarmhéid a sheiceáil, ach níor cheart dóibh airgead a aistarraingt/a aistriú más dócha go mbeidh rótharraingt acu.’

Ghabh an banc leithscéal freisin as an botún.

Ní raibh custaiméirí in ann rochtain a fháil ar aip an bhainc agus ar sheirbhísí ar líne Banking365 ar feadh uaireanta. Nuair a d’oscail siad an aip, cuireadh in iúl dóibh nach raibh siad in ann nascadh a dhéanamh.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram