An tAire faoi bhrú de bharr moill le tógáil ‘family court’

15/08/2023

Deir an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee go gcaithfidh an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ‘poll sa talamh atá ann le blianta fada’ a mhíniú

Tá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee á cháineadh ag seanadóir Rialtais as moill a chur ar phleananna do chúirt dlí teaghlaigh (family law court) nua.

Tá comhghleacaí an Aire sa Chomhrialtas, an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, tar éis iarraidh ar Ms McEntee ceisteanna a fhreagairt faoin bhfáth ar cuireadh an tionscadal siar go dtí 2026.

An tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee
An tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee

Bhí an obair thógála ar choimpléasc nua dlí teaghlaigh ar Lána Hammond i Margadh na Feirme (Smithfield), i gcathair Bhaile Átha Cliath, le tosú i mbliana.

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee ó Fhianna Fáil – a bhí ag obair mar aturnae dlí teaghlaigh sular ceapadh ina seanadóir í: ‘Is buille mór iad na tuairiscí ar mhoilleanna suntasacha breise dóibh siúd ar fad atá ag obair i dtreo athruithe sa dlí teaghlaigh sa Stát seo.

‘Tá sé do-ghlactha nach bhfuiltear ag súil go gcuirfear tús le tógáil an choimpléasc cúirte teaghlaigh nua, a bhfuil géarghá leis, go dtí tús na bliana 2026 ar a luaithe.’

lorraine clifford lee
Seanadóir Lorraine Clifford-Lee

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee: ‘Tá an chuma ar an scéal go bhfanfaidh an poll mór sa talamh atá ann le blianta ag cúinne Lána Hammond agus Sráid na hEaglaise (Church Street)  folamh agus beidh muintir Bhaile Átha Cliath gan choimpléasc cúirte dlí teaghlaigh ceart.

‘Tá moill mhór ann cheana féin agus ní bhfuaireamar aon mhíniú cén fáth go bhfuil sé á bhrú amach arís.

‘Caithfimid fios a bheith againn ar cathain a cuireadh an tuilleadh moille seo in iúl don Aire Dlí agus Cirt,’ a dúirt sí. ‘Inis dúinn cén fáth ar tharla an mhoill seo. Teastaíonn freagraí uainn – caithfimid fios a bheith againn ar chathain a thosóidh an tógáil agus cathain a osclófar é.’

Court 1 960x560 1

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee gur dúradh léi sa Seanad i mí Dheireadh Fómhair seo caite go raibh ‘an tionscadal ag dul ar aghaidh mar a bhíothas ag súil leis’ agus ‘gan aon mhoill’ ag súil leis.

D’fhiafraigh sí: ‘Cad a tharla sa tréimhse ghearr sin chun seachadadh an tionscadail a athrú go mór?’


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram