Bhuaigh na Dubs in aghaidh Ciarraí i gcluiche ceannais peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh – áit a raibh trí chluiche mhóra Dé Domhnaigh.
Níos luaithe sa lá, bhuaigh an Dún in aghaidh Luimnigh sa chluiche ceannais sóisear (junior), agus bhuaigh Cill Dara le aon phointe amháin in aghaidh an Chláir sa chluiche ceannais idirmheánach (intermediate).
Sa chluiche ceannais sinsir bhíothas ag súil go mbeadh an bua ag Ciarraí.
Ach díreach mar a tharla i bpeil na bhfear sinsir léirigh na Dubs go raibh siad níos fearr ná Ciarraí.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil dúbailt na bhfear agus na mban buaite ag Baile Átha Cliath i mbliana.
Is é an bua seo i gCorn Brendan Martin an séú bua Peile Sinsear d’fhoireann na mban na Dubs, agus is é sin cúig bhua i gceann seacht mbliana.
Bhí Ciarraí tar éis an bua a fháil in aghaidh na Dubs sa léig agus sna ngrúpaí craobhchomórtais, agus bhíothas ag súil leis an rud céanna arís.
Mar sin féin, chabhraigh Hannah Tyrell, iar-laoch idirnáisiúnta rugbaí na hÉireann agus na Dubs, lies an fhoireann dul chun tosaigh le seacht bpointe ag leath-am.
Rinne Carla Rowe go maith le ceithre phointe tar éis leath ama freisin, agus in ainneoin ionsaí déanach ón Kingdom bhí siad ró-dhéanach.
Bhí an bua ag Baile Áth Cliath le 0-18 in aghaidh Ciarraí le 1-10.
Dúirt bainisteoir Bhaile Átha Cliath Mick Bohan ina dhiaidh: ‘Bhí go leor feabhsúcháin feicthe againn le seacht nó ocht mí anuas… Chabhraigh cuid de na réaltaí is sine a bhí anseo roimhe seo lena gcuid eolais a chur in iúl.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.