Deir poblachtánaigh easaontacha (dissident republicans) go bhfuil liosta acu de gach oifigeach PSNI sa Tuaisceart chomh maith le baill MI5.
Tá leithscéal gafa ag príomhchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (Police Service of Northern Ireland, PSNI) tar éis dó sonraí a nochtadh de thimpiste.
Dúirt Simon Byrne inné go raibh ‘an-brón’ air as an eolas a scaoileadh, ar cuireadh síos air mar ‘dynamite’ do grúpaí paraimíleata agus coirpeach.
Tá faitíos faoi shaol na n-oifigeach anois, le polaiteoirí ag tabhairt foláirimh go mbeidh sé deacair de sheirbhís póilíneachta an Tuaiscirt daoine a chosaint.
Dúirt an tUasal Byrne go bhféadfadh go mbeadh gá le roinnt oifigeach bogadh go róil eile ar mhaithe lena sábháilteacht féin.
Ainmníonn an liosta 10,800 fostaithe póilíneachta agus scaoil oifigigh é trí thimpiste.
Áiríonn sé níos mó ná 660 ag obair i frithfhaisnéis (counter-intelligence) agus MI5.
Tá cuid acu ag fiosrú grúpaí easaontacha poblachtacha nó ag tabhairt aire do pholaiteoirí, breithiúna agus daoine tábhachtacha eile.
Thug an liosta faisnéis ar oifigigh ar fionraí, a spreag imní go bhféadfadh coirpigh agus grúpaí paraimíleata an fhaisnéis a úsáid chun díriú orthu siúd a chreideann siad a bheith níos mó i mbaol éillithe (corruption).
Tugann an sceitheadh ainm, céim, ceannas, teideal poist agus suíomh roinne gach oifigigh agus ball foirne san fhórsa.
Dhiúltaigh an tUasal Byrne éirí as.
Dúirt Príomhchonstábla Cúnta an PSNI, Chris Todd, gur trí thimpiste gur foilsíodh sloinne, túslitir, céim nó grád, suíomh agus ranna na n-oifigeach reatha go léir mar fhreagra ar iarratas um Shaoráil Faisnéise (Freedom of Information, FOI).
Dúirt an tUasal Byrne: ‘Is eol dúinn anois go maíonn poblachtánaigh easaontacha go bhfuil cuid den fhaisnéis seo a scaiptear ar WhatsApp i seilbh acu, agus táimid ag cur comhairle ar oifigigh agus ar bhaill foirne faoi conas déileáil leis sin agus aon bhaol eile atá rompu.’
Liostaítear sa doiciméad ainmneacha níos mó ná 160 oifigeach agus ball foirne a oibríonn in arm agus tacaíocht armtha, chomh maith le níos mó ná 100 atá ag obair i réimse na cosanta.
Leagtar amach sa doiciméad uimhir seirbhíse aonair gach fostaí, a n-inscne agus sonraí a gconartha. Tá suas le 40 oifigeach ag MI5 sa Tuaisceart.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.