Éileamh ar níos mó gardaí i gcathair Bhaile Átha Cliath tar éis ionsaí ar thriúr turasóirí

12/08/2023

Deir ionadaithe áitiúla go bhfuil géarghá le hAonad Ord Poiblí de chuid na gardaí i lár na cathrach

Tá gardaí ag fiosrú ionsaí ar thriúr turasóirí ón mBreatain i mBarra an Teampaill (Temple Bar) oíche Dé hAoine.

Tugadh na fir, gach duine in aois a 20í, go dtí Ospidéal San Séamas tar éis an ionsaí ag thart ar 10.05pm.

Barra an Teampaill (Temple Bar)
Barra an Teampaill (Temple Bar)

Tuigtear go bhfuil gortuithe tromchúiseacha ach nach bhfuil bagairt saoil orthu.

Níl aon duine gafa agus tá gardaí ag Stáisiún Shráid an Phiarsaigh ag iarraidh ar fhinnéithe teacht chun tosaigh.

Tá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee faoi bhrú cheana féin chun déileáil le hionsaithe ar dhaoine i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Comhairleoir Fhine Gael Ray McAdam gur cheart go mbeadh Aonad Ord Poiblí an Gharda Síochána ar shráideanna na lárchathrach gach oíche, go háirithe timpeall Shráid Uí Chonaill agus Bharra an Teampaill, dar leis an Irish Independent.

Gardaí ag fiosrú ionsaí
Gardaí ag fiosrú ionsaí

‘Athdhearbhaíonn an eachtra seo i mBarra an Teampaill dom go bhfuil gá leis an Aonad Ord Poiblí a bheith i bhfeidhm ó 6pm ar a laghad gach tráthnóna ó Shráid Uí Chonaill go Barra an Teampaill,’ dúirt sé.

‘Caithfidh muintir Bhaile Átha Cliath, turasóirí agus gach duine eile i lár na cathrach a bheith ar a suaimhneas go bhfuil láithreacht an-fheiceálach póilíní ann chun sábháilteacht an phobail a chinntiú agus chun iad siúd atá páirteach sna hionsaithe seo a ghabháil.’

D’aontaigh Comhairleoir Bhaile Átha Cliath, Danny Byrne leis sin.

Dúirt sé go raibh gá le Gardaí a fheiceáil níos mó i láithreacha móra turasóireachta.

D’iarr sé freisin go gcuirfí smachtbhannaí níos déine orthu siúd atá i mbun ionsaithe foréigneacha.

‘Is é mo thuairim go gcaithfidh muid a bheith i bhfad níos déine le daoine a dhéanann ionsaithe den sórt sin inár bpríomhchathair. Tá mo smaointe agus mo ghuí le híospartaigh na n-ionsaithe sin,’ a dúirt an tUasal Byrne.

Temple Bar 1 768x448 1

Dúirt Gardaí: ‘Fuair Gardaí tuairisc ar eachtra ionsaithe a tharla thart ar 10:05pm aréir ar Shráid Fownes Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.

‘Tugadh triúr fear, ina 20idí, go hOspidéal San Séamas le cóireáil a fháil ar ghortuithe a bhain leis an eachtra seo.

‘Ní dhearnadh aon ghabhálacha. Tá imscrúduithe ar siúl,’ a dúirt urlabhraí.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram