Cuirfidh na Seaimpíní Manchester City tús leis an séasúr nua sa Premier League le cuairt ar Turf Moor oíche Dé hAoine chun imirt i gcoinne Burnley, foireann atá anois á bhainistiú ag iar-réalta Manchester City Vincent Kompany.
Imreoidh Arsenal a bhí sa dara háit anuraidh sa bhaile in aghaidh Nottingham Forest i Staid Emirates don chluiche am lóin Dé Sathairn agus imreoidh Brighton in aghaidh Luton Town, atá nua sa Premier League, ag 3pm.
Imreoidh Newcastle in aghaidh Aston Villa i St James’ Park tráthnóna Dé Sathairn. Ar Dé Domhnaigh rachaidh Tottenham chuig staidiam Brentford dá gcluiche ag 2pm agus imreoidh Learpholl in aghaidh Chelsea, faoin mbainisteoir nua Mauricio Pochettino, ag 4.30pm. Agus beidh ar lucht leanúna Manchester United fanacht go dtí Dé Luain chun a bhfoireann a fheiceáil ag imirt in aghaidh Wolves ag Old Trafford ag 8pm.
Seo na cluichí ar fad a bheidh le feiceáil ar an teilifís in Éirinn thar an deireadh seachtaine:
Dé hAoine
Burnley v Manchester City (8pm tosaíonn an cluiche): Beidh an cluiche seo ar fáil ar an dá cainéal Sky Sports Main Event agus Sky Sports Premier League , le clúdach ag tosú ag 6.30pm.
Dé Sathairn
Arsenal v Nottingham Forest (12.30pm tosaíonn an cluiche): Taispeánfar an cluiche seo beo ar TNT Sports 1, atá anois mar ainm nua ar BT Sport in Éirinn agus sa RA. Tosaíonn an clúdach ag 11am.
Brighton v Luton Town (3pm tosaíonn an cluiche): Tabharfaidh Premier Sports 1 clúdach ar an gcluiche seo a bhféadfadh beirt ionsaitheoirí Éireannacha a bheith páirteach in Evan Ferguson ó Brighton agus réalta nua Luton Chiedozie Ogbene. Tosaíonn an clúdach ag 2.30pm.
Newcastle v Aston Villa (5.30pm tosaíonn an cluiche): Beidh an cluiche seo ar Sky Sports Main Event agus Sky Sports Premier League . Cuirfear tús le clúdach ar an dá chainéal ag 5pm.
Domhnach
Brentford v Tottenham (2pm tosaíonn an cluiche): Beidh an cluiche seo beo ar Sky Sports Premier League agus ar Sky Sports Main Event. Tosaíonn an clúdach ag 1pm.
Chelsea v Liverpool (4.30pm tosaíonn an cluiche): Leanfaidh an chluiche seo an cluiche idir Brentford agus Tottenham ar Sky Sports Premier League agus ar Sky Sports Main Event.
Dé Luain
Manchester United v Wolves (8pm tosaíonn an cluiche): Is ar Sky Sports Premier League agus ar Sky Sports Main Event atá an cluiche.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.