Tá iar-iriseoir le RTÉ Caitríona Perry tosaithe ar a post nua ag an BBC. D’fhógair an craoltóir móréilimh go raibh sí ag éirí as a ról le RTÉ i mí na Bealtaine.
Agus tá a fiontar nua á tabhairt go dtí na Stáit Aontaithe í.
Ar na meáin shóisialta ar Dé Máirt, thug Caitríona súil siar ar an gcéad lá di mar phríomh-láithreoir BBC News, atá lonnaithe i Washington DC.
Ní haon strainséir í Caitríona ag tuairisciú na nuachta as na Stáit Aontaithe.
Roimhe sin d’oibrigh sí mar chomhfhreagraí Washington do Nuacht RTÉ.
Ba é sin ó 2013 go 2017 le linn fheachtas toghcháin Donald Trump.
Ag roinnt seat ‘teleprompter’ dá céad lá, scríobh sí; ‘Oifig nua inniu! An chéad lá ag @BBCNews. An chéad uair sa chathaoir ancaire do @BBC World News America. #newgirl.’
Bhí go leor lucht leanúna agus iar-chomhghleacaithe go tapa chun gach rath a ghuí uirthi agus í ag tabhairt faoi a heachtra nua.
Ádh mór @CaitrionaPerry. Beidh mé i Nua-Eabhrac Dé Sathairn agus beidh na col ceathracha ar fad ag breathnú isteach chun ancaire úr Nuacht Teilifíse a fheiceáil,’ a scríobh fostaí de chuid RTÉ Ciaran Mullooly.
‘Wow Comhghairdeas Ollmhór. Is cuimhin liom nuair a bhí tú i do chomhfhreagraí i Washington do RTÉ. Ádh mór ort,’ a roinn duine eile,’ a roinn duine eile.
‘Tá áthas orm a Chaitríona, bain sult as an ról nua. Tá an t-ádh leo,’ a dúirt duine eile.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.