Ómós do bhuachaill óg a fuair bás i dtimpiste tragóideach le ‘quad bike’

10/08/2023

Bhí an buachaill agus a chlann ar saoire i gCiarraí nuair a tharla an eachtra le ‘quad bike’

Tá ómós á thabhairt don bhuachaill, a bhí cúig bliana d’aois, a fuair bás i gCiarraí tar éis eachtra a bhain le cuadrothar (quad bike).

Beidh George Francis Freddie Davenport, as Folkestone, Kent, Sasana, ina luí inniu ag teach a sheantuistí i Lios Cearnaigh, An Clochán, Trá Lí.

Bhí sé féin agus a chlann ar saoire anseo. Maireann a thuismitheoirí Laura agus David, agus a dheartháireacha Cian agus Jake agus a dheirfiúr Ellie-Rose.

quad bike George Francis Freddie Davenport
George Francis Freddie Davenport

Tá an pobal i gCiarraí i riocht ‘croíbhriste’ tar éis a bháis ar an bhfeirm tráthnóna Dé Domhnaigh.

Tháinig na gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar an láthair.

Fuair an buachaill garchabhair éigeandála ar an suíomh sular tugadh go dtí an t-ospidéal é.

Aistríodh a chorp go hOspidéal na hOllscoile, Ciarraí, le scrúdú iarbháis a dhéanamh.

Táthar ag caitheamh leis an ábhar mar thimpiste tragóideach, tuigtear, agus deir a fhógraí báis go bhfuair sé bás go tobann.

Tá oifigeach idirchaidrimh ceaptha chun tacú leis an teaghlach, agus tá na gardaí ag iarraidh ar phríobháideachas don teaghlach.

Dúirt an comhairleoir áitiúil Michael O’Shea go bhfuil an pobal ‘thar a bheith faoi bhrón’ mar gheall ar an tragóid.

Chuir sé síos ar theaghlach an ghasúir mar daoine atá an-aithne orthu agus meas orthu freisin.


David Brown
David Brown

Dúirt sé: ‘Níl mórán ar féidir leat a rá nuair a tharlaíonn rud mar seo … Gabhaim mo chomhbhrón ó chroí le gach duine atá faoi bhrón.’

Chuir comhairleoir áitiúil Fhianna Fáil, Breandán Fitzgerald, a chomhbhrón in iúl freisin.

‘Is pobal beag é seo ina bhfuil aithne ag gach duine ar gach éinne, agus tá ionadh orainn go léir,’ a dúirt sé.

Seo an dara heachtra i mbliana inar chaill duine óg a saol i dtimpiste a bhain le cuad.

I mí Aibreáin, maraíodh David Brown, 15 bliana d’aois, nuair a bhuail sé féin agus ógánach eile crann i gcoillearnach i mBéal Átha Seanaidh, Baile an Bhriotaigh, Co. Laoise.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram