Phléadáil Donald Trump neamhchiontach Déardaoin i leith cúisimh feidearálacha mar gheall ar a chuid iarrachtaí torthaí toghchán uachtaránachta 2020 a chur ar ceal.
Seo an tríú huair i mbliana ar cuireadh iallach ar an iar-uachtarán freagra a thabhairt ar chúiseamh coiriúil.
Gabhadh Trump agus cúisíodh é as ceithre chomhaireamh feileonachta a leagadh amach i ndíotáil an abhcóide speisialta Jack Smith: comhcheilg (conspiracy) chun calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe, comhcheilg chun bac a chur ar imeacht oifigiúil, bac a chur ar imeacht oifigiúil agus iarracht a dhéanamh bac a chur ar imeacht oifigiúil agus comhcheilg i gcoinne cearta.
Tháinig na cúisimh dhá lá tar éis d’oifig Smith a líomhaintí a sheoladh, ag líomhain faoi Trump go raibh ‘scéim choiriúil’ aige chun fanacht in oifig fiú tar éis dó a bheith soiléir gur chaill sé go cothrom toghchán uachtaránachta 2020 do Joe Biden.
Thaistil Trump óna Chlub Bedminster i New Jersey go Washington Déardaoin lena dhlíodóirí agus roinnt cúntóirí sármhaithe le bheith os comhair na cúirte.
Gabhadh go foirmiúil é ag teach cúirte feidearálach E Barrett Prettyman, díreach bloic ó Capitol na SA, áit ar tháinig éirí amach an 6 Eanáir.
Ina shuí sa seomra cúirte Déardaoin, bhí beirt dá dhlíodóirí, John Lauro agus Todd Blanche, in éineacht le Trump.
Bhí Smith freisin ann agus bhí said os comhar an breitheamh Moxila Upadhyaya.
Tar éis dó dul isteach ina phléadáil neamhchiontach, scaoileadh Trump ar na coinníollacha go gcloífeadh sé le gach dlí feidearálach, stáit agus áitiúil agus go seachnódh sé an cás a phlé le finnéithe ar bith.
Tá an chéad éisteacht eile sa chás socraithe don 28 Lúnasa.
Ag filleadh ar ais go dtí aerfort náisiúnta Ronald Reagan Washington tar éis an éisteacht, cháin Trump an díotáil mar ‘géarleanúint ar chéile comhraic polaitiúil’.
Tá sé fós ar an duine is mó tóir ar na hiarrthóirí atá ag iarraidh seasamh don uachtaránacht le haghaidh an bpáirtí Poblachtach an bhliain seo chugainn.
‘Is lá an-bhrónach é seo do Mheiriceá,’ a dúirt Trump le tuairisceoirí.
‘Mura bhfuil tú in ann é a bhualadh, déanann tú géarleanúint air nó déanann tú iad a ionchúiseamh. Ní féidir linn ligean dó seo tarlú i Meiriceá.’
Maíonn cúisimh Smith go raibh bréaga á scaipeadh ag Trump agus a chomhpháirtithe ag líomhain calaois forleathan i dtoghchán 2020.
Liostaíodh seisear comhcheilge sa díotáil freisin nár cúisíodh sa díotáil.
Ceaptar gurb iad na ndlíodóirí Trump, said sin Rudy Giuliani, Sidney Powell, John Eastman, Kenneth Chesebro chomh maith le iar-oifigeach roinn ceartais na Stát Aontaithe Jeff Clark.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.