Tá iar-iománaí na Gaillimhe agus réiteoir idirchontae Jimmy Cooney tar éis bháis in aois a 68.
D’imir Jimmy don chlub Sáirseálach (Sarsfields) agus ba dheartháir é do Joe Cooney.
D’imir Jimmy do Ghaillimh i gceithre iarracht Chraobh na hÉireann idir 1979 agus 1982.
Bhuaigh sé é i 1980 nuair a bhuaigh siad Luimneach sa chluiche ceannais.
Bhuaigh sé gradam All-Star freisin an bhliain sin agus ceann eile i 1981.
Ó cheantar an Bhalláin in oirthear Chontae na Gaillimhe a bhí Jimmy Cooney.
Bhí rath mór ar na Sáirseálach sna 80idí agus sna 90idí agus bhí Jimmy ar dhuine de sheisear deartháireacha a d’imir leis an gcumann sin.
Chuaigh sé le réiteoireacht ina dhiaidh sin.
Bhí conspóid ag baint leis i 1998 nuair a bhi sé mar réiteoir don leathchraobh idirchontae iomána idir Uíbh Fhailí (Offaly) agus An Clár.
Chuir sé deireadh leis an gcluiche agus dhá nóiméad fós le himirt agus bhí Uíbh Fhailí ar gcúl ag an am agus amach lena lucht leanúna ar an bpáirc i mbun agóide.
Thionlaic lucht slándála Cooney amach den pháirc.
Ag an am, dúirt Cooney leis an nuachtán Irish Independent: ‘Tháinig Michael Bodkin, an fear línte is cóngaraí domsa ag an am, ag siúl isteach, ag croitheadh a chinn.
‘Ansin tháinig Aodhán Mac Suibhne agus duine de mo mholtóirí. Bhí an triúr acu ag croitheadh a gcinn.
‘Thug mé an dara breathnú ar an uaireadóir agus bhí a fhios agam go díreach cad a bhí tar éis tarlú dom.
‘Bhí leath de 30 nóiméad imeartha agam, in ionad 35.
‘Ag an am sin, ba mhian liom le Dia go bhféadfadh an domhan ar fad oscailt suas agus mé a thógáil ar shiúl ar fad.’
De réir rialacha Chumann Lúthchleas Gael socraíodh an cluiche sin a imirt arís agus bhí an bua ag UÍbh Fhailí.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.