Chonaic cairde beirt chailíní an timpiste ina bhfuair siad bás ann, agus an t-uafás a tháinig ina diaidh.
Bhí siad go léir ag taisteal le chéile i ‘convoy’ chuig an óstán le haghaidh ‘Debs’.
Bhásaigh na cairde Kiea McCann, 17, agus Dlava Mohamed, 16, tar éis timpiste ar an N54 taobh amuigh de Chluain Eois (Clones) i Muineachán ar thráthnóna Dé Luain.
Bhí an carr a raibh na scoláirí Choláiste Learga (Largy College) ag taisteal ar cheann de líon mór a bhí ag dul go baile Mhuineacháin don Debs, de réir ball de bhord bainistíochta na scoile.
D’fhág an carr an bóthar agus bhuail sé crann, ach níl aon sonraí breise á thabhairt ag Gardaí ar chúiseanna oibriúcháin (operational reasons), de réir mar a leanann fiosrúcháin ar aghaidh.
Tá tiománaí an chairr, fear 60 bliain d’aois, i riocht criticiúil san ospidéal.
Tuigtear gur cara teaghlaigh é dóibh siúd a bhí ag taisteal sa charr.
Tá beirt phaisinéirí eile 18 mbliana d’aois – fear agus bean – san ospidéal freisin.
Tá an bhean óg i riocht criticiúil ach tá bail sheasmhach uirthi (stable condition) agus deirtear gur fhulaing an fear gortuithe nach bhfuil bagrach don bheatha.
Chuaigh baill teaghlaigh na gceathrar déagóirí sa charr chuig an láthair agus chonaic siad an radharc tubaisteach i ndiaidh na timpiste.
Dúirt David Maxwell, ball de bhord bainistíochta Choláiste Learga: ‘Cluinimid na scéalta seo faoi na chéad fhreagróirí ag teacht ar thimpiste, agus gur duine muinteartha é a bhí páirteach sa timpiste.
‘Ach nuair a bhíonn gnáthdhaoine ag taisteal i conmhaigh (convoy) agus go dtarlaíonn timpiste, agus is tusa an chéad duine ann, caithfidh sé a bheith dofhulaingthe (unbearable).’
Dúirt an Ceannfort Patrick O’Connell, ó Cheantar Garda Mhuineacháin, a bhí ar an láthair oíche Dé Luain: ‘I ndiaidh dom freastal ar an láthair féin aréir, bhí sé an-choscrach (harrowing), go háirithe an cíor thuathail (chaos) a thagann chun cinn nuair a tharlaíonn eachtra dá leithéid.
‘Tá siad [na teaghlaigh] scriosta agus ag fulaingt leis an tráma agus bhí siad ar an láthair aréir.
‘Mar sin tá siad ag iarraidh déileáil leis an iarmhairt (aftermath) iomlán sin.’
I ráiteas, dúirt athair Kiea, Frankie McCann, go raibh na cailíní ag ullmhú don oíche a raibh siad ag tnúth léi ar feadh na bliana.
Dúirt sé: ‘Bhí sceitimíní mór anseo sa teach sula ndeachaigh siad amach.
‘Bhí bia againn agus Seaimpín agus balúin, agus oíche iontach a bhí ann.’
Dúirt Teresa máthair Kiea: ‘Beidh sé deacair ar na daoine óga go léir. Tá sé dian ar na cairde go léir.’
Bhí Kiea le dul chuig an gcoláiste san fhómhar chun staidéar a dhéanamh ar chúram leanaí, a dúirt an teaghlach.
Chuaigh deirfiúr níos sine Kiea ar na meáin shóisialta maidin Dé Máirt le ómós mhothúchánach, ag rá go bhfuil sí ‘croíbhriste’ ag an tragóid.
‘Níl a fhios agam cad atá le rá agam, tá mé chomh croíbhriste fút, a dheirfiúr beag níl aon fhocal agam le cur síos ar na mothúcháin atá ag dul tríom faoi láthair.
‘Níl a fhios agam cad a dhéanfaidh mé gan tú, táim caillte chomh mór sin agus ní thuigim conas a d’fhéadfadh rud mar seo tarlú duit agus tá súil agam go bhfuil a fhios agat go bhfuil grá againn duit go léir.
‘Agus dhéanfainn rud ar bith chun tú a bheith anseo liom, uair amháin dheireanach, ach a rá leat go bhfuil grá agam duit agus go bhfuil gá agam leat,’ a dúirt sí.
‘Rugadh dínn thú ró-luath, díreach ag tosú ar do shaol agus ní féidir leat taitneamh a bhaint as a thuilleadh.
‘Ba chailín láidir álainn grámhar thú le ceann an-tiubh ach ní athrófainn tada fút go deo, a bhanphrionsa sosa, agus bí ag breathnú orainn, ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ort ná ar na hamanna iontacha a raibh páirt mhór speisialta agat i mo shaol agus ní athróidh sin choíche.
‘Ní thuigim go deo cén fáth a bhfuil an saol chomh cruálach sin le duine chomh speisialta cosúil leatsa a bhaint as. Is breá liom tú go deo a leanbh.’
Dúirt urlabhraí do theaghlach Dlava Mohamed, ar as an tSiria ó dhúchas iad, gur ‘tragóid’ a tharla.
‘Níl ann ach uafásach agus tragóid. Níl aon rud eile is féidir leat a rá faoi ná sin,’ a dúirt sé.
‘Is é an rud atá ag tarlú anois ná go bhfuil na fir go léir ina seasamh taobh amuigh den teach agus na mná istigh. Sin é an traidisiún inár gcultúr.’
Níos lú ná dhá uair an chloig roimh a mbás, chuir cairde na beirte cailíní grianghraif díobh ina gcuid gúnaí, agus balúin timpeall orthu.
Fágann Kiea ina diaidh a thuismitheoirí Teresa agus Frankie, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha Brandon, Jentzen, Frankie, Michaela, Shauna, Shaunice, Tameaka, Tanisha agus Amelia agus a sean. Is fada uainn freisin Kiea a shean máithreacha Mary Ellen McCann agus Anna Rose Flynn.
Fágann Dlava ina diaidh a thuismitheoirí Hohamed agus Zenab Mohamed, a dheartháireacha Mostafa agus Rashid agus a dheirfiúracha Lilov, Asmahan, Auin agus Giham.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.