Ná bac le gearán, is é Gough ár réiteoir is fearr, a deir Brolly

Mhol Joe Brolly Gough as a ‘integrity’, as a ‘commitment’ don ‘fairness’ agus as an marc ceart a fháil ar na cinntí móra

Tá sé ráite ag Joe Brolly go raibh an réiteoireacht a rinne David Gough ar chluiche ceannais na hÉireann idir na Dubs agus Ciarraí ‘chomh foirfe agus a d’fhéadfadh sé a bheith’.

Mhol Brolly Gough as a ionracas (integrity), as a thiomantas (commitment) don chothroime (fairness) agus as an marc ceart a fháil ar na cinntí móra.

Gough
John Small as na Dubs Diarmuid O’Conno

Dúirt sé é sin tar éis gearán ar an réiteora i ndiaidh an chluiche ag roinnt lucht leanúna.

Dúirt Brolly gur cluiche ‘do-rialaithe (ungovernable)’ é an pheil Ghaelach i bhformhór na gcluichí, ach go raibh Gough tiomanta do chothrom na féinne agus na cinntí móra a chur ina gceart.

Dúirt Brolly, an tráchtaire CLG agus iar-imreoir Dhoire, freisin go taispeáineann na tréithe sin go bhfuil Gough ‘ar réiteoir is fearr’.

Bhuaigh na Dubs in aghaidh Chiarraí le dhá phointe chun cinn in aimsir gharbh agus mar sin bhuaigh Áth Cliath a 31ú coróin na hÉireann.

David Clifford agus Michael Fitzsimons tar éis cinneadh David Gough
David Clifford agus Michael Fitzsimons tar éis cinneadh David Gough

Chiallaigh an toradh freisin go bhfuil naoi mbonn Chraobh na hÉireann an ceann anois ag triúr laoch ó Bhaile Átha Cliath, Stephen Cluxton, Mick Fitzsimons agus James McCarthy.

Mar gheall ar an aimsir fhliuch agus ghaoithe bhí sé an-deacair le haghaidh an dá fhoireann agus bhí an cluiche an-fhisiciúil uaireanta.

Bhí sé an-deacair ar na himreoirí ar fad greim a choinneáil ar an liathróid mar bhí sí sleamhain (slippery). Rinne sé sin níos deacra freisin scór a fháil.

Bhí roinnt cathanna fisiceacha ar fud na páirce.

Ag am amháin taispeánadh cártaí buí do Fitzsimons, an t-imreoir a bhí á mharcáil David Clifford laoch Chiarraí, agus do Clifford freisin, tar éis eachtra a bhí ar siúl ó imirt an chluiche.

Shéid David Gough an fheadóg ar dtús agus thug sé cic saor do Chiarraí.

Mar sin féin, tar éis dó labhairt leis na moltóirí (umpires), a raibh dearcadh níos fearr acu ar an méid a tharla, d’athraigh an réiteoir a intinn.

David Gough
David Gough

Thug sé cárta buí do Fitzsimons agus do Clifford agus in ionad cic saor a thabhairt do Chiarraí chrom sé an liathróid idir an dá fhoireann.

Bhí an eachtra sin ina ábhar mórán plé tar éis an chluiche.

Bhí lucht leanúna Chiarraí thar a bheith cáinteach freisin ar David Gough as gan an dara cárta buí a thaispeáint do James McCarthy tar éis dul i ngleic láidir ón gcaptaen Bhaile Átha Cliath.

Dá ndéanfadh sé sin gheobhadh McCarthy cárta dearg go huathoibríoch (automatically) agus bheadh sé as an pháirc don chuid eile den chluiche.

Cuireadh deireadh leis an gcluiche freisin díreach tar éis na sé nóiméad d’am breise a imirt.

Chuir sé sin imní ar lucht leanúna Chiarraí freisin, a chreid go mbeadh am ann d’ionsaí deireanach amháin in aghaidh Bhaile Átha Cliath.

Joe Brolly
Joe Brolly

Mhol Uachtarán CLG Larry McCarthy an réiteoireacht a bhí ar siúl ag Gough agus a fhoireann oifigeach sula mbronnadh Corn Sam Maguire ar Bhaile Átha Cliath.

Mar sin féin, tar éis dó labhairt bhí rannóga áirithe den slua ag gearán go glórach.

Ach léirigh Brolly a thacaíocht iomlán don réiteoir agus mhol sé a fheidhmíocht.

Ar Twitter, scríobh sé: ‘Bhí feidhmíocht David Gough chomh gar don fhoirfeacht agus a thig leat inár gcluiche do-rialaithe.

‘Is é a mhuinín, a shuaimhneas, a chomhairliúcháin le hoifigigh, a chaidreamh leis na himreoirí, a ionracas, a thiomantas don chothroime agus na cinntí móra a dhéanamh ina gceart, a thaispeánann gurb é mar ár réiteoir is fearr atá againn.’


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram