Tá láithreoir RTÉ, Doireann Garrihy, sásta agus saibhir mar go léiríonn cuntais is déanaí a cuideachta go bhfuil airgead tirim agus sócmhainní (assets) ar fiú breis agus €500,000 aici.
Tháinig ardú ó €423,730 in 2021 go dtí €532,494 anuraidh ag Garrihy, óstach The Breakfast Show RTÉ 2FM, ag a gnólacht, Doireann Enterprises.
Fuair Garrihy post ag an Breakfast Show ceithre bliana ó shin, nuair a tharraing a ‘clips’ ar na meáin shóisialta aird RTÉ uirthi.
Chomh maith leis sin cuireann sí Dancing With The Stars i láthair.
Cheannaigh Garrihy a céad teach le déanaí, agus tá sé á athchóiriú aici.
Cheannaigh Garrihy a teach tosaithe níos luaithe i mbliana. D’íoc sí €490,000 don teach leathscoite (semi-detached) trí sheomra leapa in aice le teach a muintire i gCaisleán Cnucha in iarthar Bhaile Átha Cliath.
Seachas a tuarastal le RTÉ, tá ioncam mór ag Garrihy mar thioncharóir (influencer) ar na meáin shóisialta, le fógraí, comhpháirtíochtaí branda (brand partnerships) agus óstáil imeachtaí do chuideachtaí príobháideacha agus do charthanachtaí.
Is cliant í freisin den phríomhghníomhaire cáiliúil Noel Kelly agus ambasadóir branda don chomhlacht gluaisteán, Renault.
Léiríonn postáil ar a leathanach Instagram go dtiomáineann sí Renault dearg ar phraghas thart ar €50,000.
Tháinig sé chun solais níos luaithe i mbliana gur thuill sí níos mó ná €20,000 anuraidh as féilte rásaíochta capall a chur chun cinn ar na meáin shóisialta.
Soláthraíodh na figiúirí mar fhreagra ar cheisteanna parlaiminte ó TD de chuid na Daonlathaithe Sóisialacha agus leaschathaoirleach Choiste um Chuntais Phoiblí (Public Accounts Committee) Catherine Murphy.
D’iarr Murphy trédhearcacht (transparency) faoi chaiteachas an Stáit ar lucht tionchair na meán sóisialta agus láithreoirí raidió agus teilifíse.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.