Tá caingean dlí (legal action) curtha ag forbróir (developer) maidir le hordú ó Aire faoi thalamh a athaicmiú (rezone) i gCathair na Gaillimhe.
Chuir an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanála, Kieran O’Donnell, cinneadh na gcomhairleoirí ar ceal chun talamh a athaicmiú i bPlean Forbartha Chathair na Gaillimhe (Galway City Development Plan) nua.
Tá athbhreithniú breithiúnach (judicial review) ar threoir an Aire á lorg ag Ballindooley Developments Ltd.
Rinne Ballindooley Developments Ltd – atá mar chuid de McHugh Property Holdings – iarracht chun tailte a athaicmiú ó Thalmhaíocht (Agricultural) go Tráchtáil (Commercial) agus Tionsclaíoch; agus ó Thalmhaíocht agus Ard Thaitneamhacht (High Amerity) go Cónaitheach (Residential).
Dheimhnigh Príomhfheidhmeannach Eatramhach (Interim CEO) na Comhairle Cathrach, Patricia Philbin, do chomhaltaí tofa go bhfuil an comhlacht ‘ag iarraidh cinneadh an Aire a chur ar neamhní’.
SCÉAL EILE:
Lucht bochtanas na feireoirí beaga
ar na heagraíochtaí feirme, a
deir Duncan Stewart
Níos luaithe i mbliana, scríobh an Aire de chuid Fhine Gael, O’Donnell, chuig an bPríomhfheidhmeannach ag an am, Brendan McGrath ag tabhairt le fios go raibh sé ag cur 25 malairt ábhartha a rinne comhairleoirí ar ais chuig an Plean Forbartha.
Rinne sé an cinneadh tar éis comhairle ó Oifig an Rialaitheora Pleanála (Office of Planning Regulator, OPR).
D’ordaigh an tAire O’Donnell gur cheart 14 píosa talún a bhí faoi réir athaicmiú, a aisiompú.
D’ordaigh sé freisin go ndéanfaí ‘neamh-athaicmiú (unzoned)’ ar 11 píosa talún eile sa chathair.
Chinn an tAire nach ndearnadh an Plean Forbartha ar bhealach a bhí comhsheasmhach le moltaí Oifig an Rialaitheora Pleanála, a d’éiligh athruithe sonracha ar an bplean chun comhsheasmhacht leis na dlíthe agus na treoirlínte náisiúnta pleanála a chinntiú.
Bhí an cinneadh seo anois ina ábhar d’athbhreithniú breithiúnach, a dúirt an tUasal Philbin.
SCÉAL EILE: AN AGALLAMH MÓR:
Is polaiteoir mé do na daoine
neamhpholaitiúla, a deir Holly Cairns
Cháin na Comhairleoirí Declan McDonnell (neamhspleách) agus Eddie Hoare (FG) an cinneadh sin roimhe seo, agus dúirt Declan McDonnell gur cheart go mbeadh ‘náire’ ar an Aire.
Chuir feachtas Save Roscam Peninsula fáilte roimhe, a chuir i gcoinne na n-athruithe a rinne comhairleoirí.
Tuigtear gur bhain an t-athbhreithniú breithiúnach le píosaí talún i mBaile an Phoill (Ballinfoile) ach dheimhnigh Ms Philbin do chomhairleoirí go mbeadh impleachtaí ag toradh na caingean dlí ar na tailte ar fad a raibh athaicmiú orthu nó a bhí ‘neamh-athaicmiú’.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.