Táthar ag súil go mbeidh tionchar ag fógraí fiuchta uisce (boil water notices) atá eisithe ag Uisce Éireann ar na céadta míle custaiméir.
Tá sé seo mar gheall ar aighneas idir an ceardchumann Unite agus ocht n-údarás áitiúla.
D’eisigh Uisce Éireann na rabhaidh Dé hAoine, 28 Iúil, agus iad ag rá go raibh eagla faoi ghanntanas uisce má théann an stailc ar aghaidh.
Tá an stailc a bhí beartaithe tosaithe ó mheán oíche aréir.
Mairfidh sé go dtí Dé hAoine i gCeatharlach, i gcathair agus i gcontae Chorcaí, i bhFine Gall i mBaile Átha Cliath, i gCiarraí, i mBaile Átha Cliath Theas, i gcathair agus i gcontae Thiobraid Árann agus I bPort Láirge.
I ráiteas, thug Uisce Éireann foláireamh go bhféadfadh go mhairfidh na fógraí fiuchta uisce ar feadh roinnt laethanta mar go mbeidh ‘am ag teastáil uathu chun an tionchar ar ionaid próisis iar-stailc’ a mheas.
Dúirt an ráiteas: ‘D’fhéadfadh go gcuirfí isteach ar sheirbhísí uisce, go háirithe an luas a ndéantar pléascanna ar an ngréasán uisce a dheisiú i ngach contae a bhfuil tionchar ag an ngníomh stailce orthu.’
Dúirt Tom Cuddy, ceannasaí oibriúcháin (head of operations) Uisce Éireann, nach bhfuil an t-aighneas le hUisce Éireann agus go bhfuil sé lasmuigh dá smacht.
Mar sin féin beidh tionchar aige ar chustaiméirí Uisce Éireann.
Dúirt sé: ‘Tá ár bhfoireann bainistíochta teagmhais (incident management team) ullmhaithe againn agus táimid ag obair go dlúth leis an mbainistíocht sna húdaráis áitiúla chun a chinntiú go bhfuil pleananna teagmhasacha (contingency plans) i bhfeidhm chun cur isteach ar sheirbhísí uisce a laghdú agus a bhainistiú.
‘Chun sláinte an phobail a chosaint, beidh orainn roinnt réimsí a chur ar fhógraí fiuchta uisce ó mheán oíche Dé Máirt, 1 Lúnasa.
‘Tá sé ríthábhachtach go leanfadh custaiméirí an chomhairle seo agus go bhfiufaidh siad a gcuid uisce.’
Dúirt an tUasal Cuddy freisin go bhfuil sé ag iarraidh ar Unite na meicníochtaí aitheanta um réiteach díospóide a úsáid chun an cheist seo a réiteach agus chun dul i dteagmháil leis na comhlachtaí ionadaíocha ábhartha.
Mar sin féin, méadóidh baill Unite atá, ag obair i seirbhísí seachadta uisce d’ocht n-údarás áitiúla, a ngníomhaíocht thionsclaíoch an tseachtain seo le trí lá eile de stadanna.
Tá sé tugtha le fios ag an gceardchumann go bhfuil siad fós ar fáil chun teacht le chéile go díreach, nó trí thríú páirtí atá molta agus comhaontaithe, chun iarracht a dhéanamh an t-aighneas a réiteach.
Eisíodh fógra roimhe seo do 12 limistéar an 12 Iúil ach baineadh é naoi lá ina dhiaidh sin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.