Is polaiteoir mé do na daoine neamhpholaitiúla, a deir Holly Cairns

Níl eagla ar Holly Cairns roimh dhúshlán agus is é sin an fáth gur ceapadh í ina ceannaire ar na Daonlathaithe Sóisialta a deir sí

Do Holly Cairns ba mhór é an t-aistriú isteach sa pholaitíocht – chuaigh sí ó bheith ina cailín óg ina cónaí i Málta go dtí an pholaitíocht, an Dáil agus ceannaire páirtí na nDaonlathaithe Sóisialta.

Agus tá sí diongbháilte. Sheas Holly fiú in aghaidh a iar-bhuachaill, TD de chuid Fhianna Fáil Christopher O’Sullivan sa toghchán áitiúil i gCorcaigh in 2020.

Holly Cairns
Holly Cairns

Dúirt sí le Echo Live ag an am: ‘Déarfaidh mé nár shíl sé go raibh seans agam sna toghcháin áitiúla. Chruthaigh mé go raibh sé mícheart faoi sin.

‘Seans go ndéanfainn arís é. Gach cóir i ngrá agus cogadh. Ar aghaidh linn.’

Agus dúirt Holly go bhféadfadh an todhchaí  a bheith an-difriúil.

‘Bhí mé i mo chónaí agus ag obair thar lear i Málta, agus bhí a fhios agam go raibh mé chun teacht abhaile faoi dheireadh chun dul I gceannas ar fheirm mo mhuintire.

Déanaimid táirgeadh síolta glasraí orgánacha agus mairteoil.

‘Ach bhí an reifreann ar chomhionannas pósta (marriage equality referendum) ar siúl, agus mar sin tháinig mé abhaile beagán níos luaithe le cinntiú go bhféadfainn vótáil ar a shon sin agus iarraidh ar dhaoine eile vótáil.’

Agus ansin nuair a tháinig feachtas ‘Repeal the Eighth’ thart bhí Holly réidh, agus bhunaigh sí craobh de na Daonlathaigh Shóisialta i gCorcaigh.

Holly Cairns
Holly Cairns

‘Bhí sé sin cineál nóiméad tábhachtach dom. Is maith liom vótaí a iarraidh ar daoine. Seo mar a athraímid rudaí,’ a dúirt sí.

D’fhéadfadh sé a bheith chomh difriúil ar fad áfach. Ar an gcomhaireamh tosaigh, chaill Holly a céad toghchán trí vóta amháin. Mar sin féin, d’iarr sí ar athchomhaireamh (recount) agus sa deireadh bhuaigh sí le vóta amháin.

Dúirt sí: ‘Nuair a chaill mé ar dtús, bhí mé ag fáil teachtaireachtaí ó dhaoine ag rá, “Tá brón orm, rinne mé dearmad”. Nó “Bhí sé i gceist agam clárú agus ní rinne mé é”. Nó “Lá chomh gnóthach a bhí ann agus bhí sé ag cur báistí … agus na páistí”.

‘Agus ansin, nuair a bhuaigh mé trí vóta amháin, chuala mé scéalta na ndaoine a bhí tar éis vótáil. Chuir an bhean seo teachtaireacht chugam ag rá gur tháinig sí abhaile ón obair agus go raibh sí scriosta.

‘Bhí sí ag rá “Níl mé, ní vótáil” Ach bhí beirt iníonacha sna déaga (teenage daughters) aici a bhí ró-óg chun vótáil, agus d’impigh siad uirthi dul chun vótáil ar mo shon.

‘Agus ní raibh a fhios aici fiú cé dó a vótáil sí, i ndáiríre. Ach bhí sí ag rá, má bhraitheann mo iníonacha sna déaga go láidir faoi, rachaidh mé. Sin vóta amháin, an dtuigeann tú?’

Sular tugadh isteach í do na Daonlathaithe Sóisialta, ní raibh suim ag Holly i bpolaitíocht na hÉireann agus cónaí uirthi i Málta.

‘Ba é an plean a bhí agam ná dul ar ais chuig ár ngnó teaghlaigh, feirm bheag in Iarthar Chorcaí.

‘Feirme déiríochta a bhí inti nuair a bhí mé níos óige ach táirgimid síolta glasraí orgánacha anois,’ a dúirt sí.

Fuair Holly céim céad onóracha i MSc sa Ghairneoireacht Orgánach (Organic Horticulture) ó UCC.

Dúirt sí go dtéann sí ar ais abhaile nuair a bhíonn uirthi a scíth a ligean.

Holly Cairns
Holly Cairns

‘Uaireanta ar an deireadh seachtaine caithim roinnt ama sa pháirc nó sa tollán (tunnel) nó pé rud, ach ní oibrím ann a thuilleadh,’ a dúirt sí.

Is breá léi freisin Iarthar Chorcaí, cé nach bhfuil mórán ama aici di féin ó tháinig sí chun bheith ina ceannaire ar an bpáirtí.

‘Tá an oiread sin féilte cáiliúla againn. Tá Féile Ealaíon an Sciobairín (Skibbereen) á sheoladh agam; tá Féile Snagcheoil (Jazz), Féile Bia, Féile Giotár, Féile Scannán, Féile na mBád Adhmaid. Abair é, tá sé ann.’ a dúirt sí go bródúil.

‘Tá sé ar cheann de na háiteanna is fearr chun cónaí ann, dar liom.’

Mar sin, conas a fheiceann Holly rudaí ag dul amach an seo do na Daonlathaithe Sóisialta?

‘Tá an t-ádh dearg orm a bheith i bpáirtí chomh deas agus chomh díograiseach sin.

‘I mo thuairimse, is iomaí uair a bhraitheann an pholaitíocht beagán sean.

‘Ach tá go leor daoine óga i gceist. Mar sin ceapaim go ndéanann sé sin difríocht mhór.

‘Ní bheadh mé suas chun dáta fiú faoi pholaitíocht na hÉireann nuair a bhí mé as baile. Ní raibh mé gafa leis ar chor ar bith.

‘Tá sé ar cheann de na fáthanna gur theastaigh uaim dul don cheannaireacht mar sílim go gcaithfimid dul i ngleic le daoine nach bhfuil gafa leis an bpolaitíocht.’

Dúirt sí: ‘Tá súil agam go bhfuil mé suite go maith chun iad a bhaint amach mar tá aithne agam go díreach ar an duine sin sa bhaile, b’fhéidir ar an bhfeirm ag éisteacht le podchraoladh á rá, “Excuse me! “‘

Dúirt sí: ‘Féadann sé tamall fada cultúr a athrú. Ach is dóigh liom i bpáirtí nua mar seo nach bhfuil an fhadhb sin ann.

‘Níl an bealach institiúideach sáite sin ann, rud atá dearfach faoi bheith i do pháirtí nua.’


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú clic anseo Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig:

joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram