Tá 890 oibrí eile don chomhlacht ardteicneolaíochta (high-tech) Accenture chun a bpostanna a chailleadh in Éirinn.
Tagann sé seo tar éis do 400 a bheith curtha ar iomarcaíocht (made redundant) i mbliana cheana féin.
Ciallaíonn sé sin gur scaoileadh saor 1,290 den 6,500 ball foirne.
Tá sé seo ar an gceann is mó i roinnt ciorruithe post ag cuideachtaí ilnáisiúnta (multinational) in Éirinn.
Tá Intel, Meta, Microsoft, Google, Twitter, Stripe agus Amazon go léir tar éis a gcuid lucht saothair a laghdú anseo.
Anois, tá foláireamh tugtha don Rialtas go gcaithfidh siad a fíosrú a dhéanamh ar líon na bpost atá caillte san earnáil ardteicneolaíochta (high-tech).
Tá Accenture ar cheann de na fostóirí is mó in Éirinn agus tá a cheanncheathrú (headquarters) aige anseo.
Agus ciallaíonn an cinneadh is déanaí go bhfuil 20% dá ghnó Éireannach gearrtha i mbliana.
Is poist ardoilte (highly-skilled) iad seo agus d’admhaigh an tAire Fiontair Simon Coveney gur ‘buille suntasach’ do na teaghlaigh iad na postanna a cailleadh.
Dúirt an tUasal Coveney go mbeidh gníomhaireachtaí Stáit ag obair leis an gcomhlacht agus leis na hoibrithe chun postanna in áiteanna eile sa gheilleagar (economy) a mheas.
‘Tá sé tábhachtach a rá gur ó earnáil ardoilte iad na hoibrithe atá i gceist agus gur dócha go mbeidh siad á lorg in áiteanna eile sa gheilleagar níos leithne,’ a dúirt sé.
Ach dúirt Louise O’Reilly, urlabhraí fiontraíochta agus fostaíochta Shinn Féin, áfach, gur cheart don Aire ‘scála na gcaillteanas post ar fud na hearnála a mheas, agus fiosrú a dhéanamh ar cé mhéad acu siúd a chaill a bpostanna a bhfuil á n-athfhostú’.
Dúirt sí gur ‘buille’ a bhí sa chinneadh d’oibrithe teicneolaíochta in Éirinn.
Dúirt sí: ‘Tá sé riachtanach go rachadh Accenture i ngleic go tapa agus de mheon macánta leis na hoibrithe agus lena n-ionadaithe maidir leis an bhfógra seo agus leis an bpacáiste cóir iomarcaíochta.’
Ó dheireadh na bliana seo caite, tá na mílte fostaithe imithe ón earnáil teicneolaíochta mar gheall ar chor chun donais san éileamh de bharr boilsciú ard agus rátaí úis ag ardú.
Dúirt Accenture go leanfaidh siad ag díriú ar a chinntiú go bhfuil an tallann ceart acu chun freastal ar a chliaint agus a ghnó a reáchtáil inniu agus amárach.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.