D’éirigh chomh maith sin leis an scannán Barbie go mbeidh an Martell Universe cosúil leis na Marvel Universe
Mar gheall ar an rath a bhí ar an scannán Barbie tá ‘stampede’ i Hollywood chun scannáin a dhéanamh bunaithe ar bhábóga eile.
Déanfar scannáin nua bunaithe ar na bábóg móréilimh American Girl agus Polly Pocket, an dá cheann déanta ag an comhlacht Barbie Mattel.
Agus beidh réalta Emily In Paris Lily Collins sa chéad scannán Polly Pocket.
Barbie
Tá an scannán á scríobh agus á stiúradh ag Lena Dunham, cruthaitheoir an seó teilifíse rathúil, Girls.
Beidh sé faoi cairdeas idir ‘cailín óg agus bean atá chomh beag go bhféadfadh sí luí isteach i bpóca’, de réir foinsí.
Tá brabúis níos mó ná €635 milliún déanta ag Barbie anois i bpictiúrlanna ar fud an domhain agus bhí na pictiúrlanna in Éirinn plódaithe thar an deireadh seachtaine.
Anois tá feidhmeannaigh ag Mattel Films, a léirigh an scannán Barbie, ag déanamh deifir chun níos mó brabúis a bhaint as bréagáin eile.
Dúirt foinse: ‘Tá treocht tosaithe ag Barbie i Hollywood. Tá stampede chun airgead a dhéanamh ar bhábóga eile.’
Cé go bhfuil aisteoirí agus scríbhneoirí Hollywood ar stailc, tá feidhmeannaigh ag dul ar aghaidh le margaí.
Margot Robbie in Barbie
‘Tá na margaí á ndéanamh,’ a dúirt an fhoinse. ‘A luaithe a bheidh na scríbhneoirí in ann scríobh agus na haisteoirí a bheith in ann aisteoireacht beidh sé lán chun tosaigh.
‘Tá súil ag Mattel “Mattel Universe” iomlán a chruthú, díreach mar atá ag Marvel.’
Tuigtear go bhfuil an script scríofa do Polly Pocket críochnaithe cheana féin ag Lena Dunham a rachaidh i mbun léirithe nuair a bheidh an stailc réitithe.
Tá scríbhneoirí agus aisteoirí ag éileamh arduithe pá agus rialacha maidir le húsáid na hintleachta saorga (AI) i Hollywood.
Deirtear go bhfuil Mattel ag brú le haghaidh sequel do Barbie, ach deir foinsí nach bhfuil an scríbhneoir agus stiúrthóir Greta Gerwig réidh chun é a dhéanamh go fóil.
Lily Collins
‘Ní féidir le Greta fiú smaoineamh ar sin tar éis na hoibre agus an chur chun cinn ar fad a bhí le déanamh aici don chéad scannán seo.
‘Níl a n-intinn déanta suas ag Margot Robbie agus Ryan Gosling ach an oiread.
‘Ba feiniméan chomh mór sin é an chéad scannán go mbeidh sé deacair é a mheaitseáil.’