Beirt chailíní sna déaga marbh tar éis timpiste ar an mbealach chuig ‘debs ball’

01/08/2023

Beirt eile i riocht criticiúil agus tá déagóir gortaithe tar éis na timpiste gluaisteáin i Muineachán

Tá beirt chailíní sna déaga marbh agus triúr eile san ospidéal tar éis timpiste ghluaisteáin ar an mbealach go dtí bál na hardteiste (debs ball).

Tá beirt a gortaíodh i riocht criticiúil tar éis na timpiste i gCo Mhuineacháin tráthnóna Dé Luain.

timpiste
Aire Heather Humphreys

Cuireadh an bál do dhaltaí ag meánscoil áitiúil ar ceal agus chuir daoine áitiúla briseadh croí na tragóide in iúl.

Dúirt Gardaí go raibh an bheirt chailíní a fuair bás idir 16 agus 17 bliain d’aois agus go raibh siad ina bpaisinéirí san imbhualadh aon fheithicil (single-vehicle crash) ag Lag na Caillí (Legnakelly) ar an mbóthar idir Cluain Eois (Clones) agus Smithborough.

Tá déagóir baineann, atá 18 mbliana d’aois, i riocht criticiúil in Ospidéal Ginearálta an Chabháin.

Tá tiománaí an chairr, fear sna 60idí, i riocht criticiúil freisin agus ag fáil cóir leighis san ospidéal i mBéal Feirste.

Tá cóir leighis á cur ar fhear 18 bliain d’aois in Ospidéal an Chabháin freisin i ngortuithe nach bhfuil chomh tromchúiseach, a dúirt Gardaí.

timpiste
Matt Carthy

Labhair Matt Carthy, TD Shinn Féin don Chabhán-Muineachán, ar an ‘nuacht uafásach  (heartbreaking) ó Chluain Eois’.

Dúirt sé: ‘Dia cabhrú leis na teaghlaigh atá buailte.’

Dúirt Comhairleoir Fhine Gael agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhuineacháin David Maxwell: ‘Is tragóid uafásach é.

‘Mar Chathaoirleach Chomhairle Contae Mhuineacháin, téann mo smaointe amach chuig teaghlaigh na ndaoine a fuair bás.’

Dúirt comhairleoir Shinn Féin agus Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Mhuineacháin Pat Treanor: ‘Táimid ar fad ag mothú ar a son na teaghlaigh agus ag smaoineamh ar aon tacaíocht is féidir linn a thabhairt go ceann tamaill eile. Is comhluadar daingean atá anseo, agus tiocfaidh siad le chéile.’

I bpostáil ar na meáin shóisialta, dúirt an tAire Heather Humphreys, TD do chuid Fhine Gael I ndáilcheantar an Chabháin-Mhuineacháin, gur ‘scéal coscrach é seo dár bpobal áitiúil i gceantar Chluain Eois’.

timpiste

Dúirt sí: ‘Is é seo an tromluí (nightmare) is measa ag gach teaghlach. Tá mo chuid smaointe agus paidreacha leo siúd go léir.’

D’fhan tailte scoile áitiúil ar oscailt go déanach san oíche Dé Luain chun deis a thabhairt do bhusanna a bhí ag iompar daltaí chuig an ‘debs’.

D’fhan Ionad Óige Chluain Eois ar oscailt freisin le foirne oibre óige ar shráideanna Chluain Eois agus Mhuineacháin chun tacú le daoine óga a ndeachaigh an tragóid i bhfeidhm orthu.

‘Is uafásach an scéal é, go dtuga Dia neart dóibh i measc an bhróin sin,’ a scríobh bean amháin ar na meáin shóisialta.

Tá Gardaí i Muineachán ag iarraidh ar aon duine a chonaic an t-imbhualadh dul i dteagmháil leo.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram