Tá beirt básaithe agus tá triúr eile tugtha go dtí an t-ospidéal i ndiaidh timpiste uafáis i gCo Mhuineacháin.
Tá Gardaí ar láthair an imbhuailte marfach, a tharla thart ar 6.45pm um thráthnóna (Dé Luain) ar an N54 i Lios na Coille (Legnakelly) faoi láthair.
Dheimhnigh na Gardaí go raibh triúr ag an ospidéal, agus beirt i riocht criticiúil.
Dúirt urlabhraí: ‘Tá an Garda Síochána ar láthair faoi láthair d’imbhualadh bóthair tromchúiseach a tharla ag 6.45pm, ar an N54.
‘Tá feithicil amháin ar an láthair faoi láthair.
‘Ag an tráth seo, is féidir leis an nGarda Síochána a dheimhniú gur tógadh triúr chuig an ospidéal, beirt acu i riocht criticiúil.’
Dúirt siad: ‘Tá beirt básaithe ar an láthair.
‘Níl aon trácht eile ag an nGarda Síochána faoi láthair.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.