Deir roinnt daoine go bhfuil an t-éileamh mór ar an nGaeilge anois mar gheall ar an tweet cáiliúil sin le Paul Mescal ag labhairt Gaeilge.
Más ea, tá jab iontach déanta ag Mescal, mar tá gnólachtaí i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre ag fáil amach go gcuirfidh a chustaiméirí fáilte mhór roimh an Ghaeilge.
Anois tá tacaíocht phraiticiúil ar fáil do ghnólachtaí ó Bhaile Átha Cliath Le Gaeilge, www.baclegaeilge.ie.
Agus tá suas le €1,000 ar fáil do chuideachtaí i mBaile Átha Cliath atá ag iarraidh a ngnó a chur chun cinn
Mar aon le sin, is cuma cé chomh maith nó cé chomh dona is atá do chuid Gaeilge.
Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fheiceáil thar timpeall orthu, de réir na figiúirí.
De réir an phobalbhreith Your Dublin Your Voice i Feabhra 2022:
ba mhaith le 69% den phobal go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí;
deir 66% gur cóir go mbeadh an teanga le cloisteáil níos minice;
agus ba mhaith le 66% go mbeadh sí in úsáid níos mó.
Anuas ar sin tá tacaíocht do ghnólachtaí atá ag iarraidh an cúpla focal a spreagadh – agus is cuma cén caighdeán Gaeilge atá acu.
Cuireann Baile Átha Cliath Le Gaeilge – www.baclegaeilge.ie – tacaíocht ar fáil go hiomlán saor in aisce.
Le sin tá:
Seirbhísí Aistriúcháin;
Margaíocht;
Ranganna Gaeilge;
Frásaí/Fógraíocht Shaincheaptha;
Bainisteoir Comhchaidrimh;
Imeachtaí.
Chomh maith le sin tá Ciste Tacaíochta acu chun feiceálacht na Gaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí mBaile Átha Cliath.
Chuidigh an ciste le gnólachtaí beaga agus mheánmhéide feiceálacht na Gaeilge a chur chun cinn. Chuir an ciste deontas, thuas le €1,000, ar fáil do chomharthaíocht Gaeilge nó dátheangach, Gaeilge agus Béarla, go príomha.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.