Tá Teach na nIonadaithe i Meiriceá ag bogadh i dtreo fiosrúchán táinsiú (impeachment) a oscailt i gcoinne Joe Biden, a deir Cainteoir an Tí Kevin McCarthy.
Tá McCarthy faoi bhrú ón eite crua i bpáirtí na Poblachtánaigh le seo.
Tá siad ag iarraidh céimeanna ionsaitheach a ghlacadh i gcoinne Uachtarán na Stáit Aontaithe.
Méadú suntasach a bhí ann ón Uasal McCarthy, a dhiúltaigh ghéilleadh do glaonna roimhe seo chun táinsiu a dhéanamh ar Biden.
Dúirt sé ag an am nach raibh aon rud le feiceáil aige go fóill a thabharfadh céim den sórt sin.
Tagann sé seo agus Poblachtánaigh ag cur lena n-iarrachtaí chun díriú ar Biden agus a mhac Hunter.
Tá fadhb mhór ag an Uachtarán lena mhac mar d’aontaigh Hunter pléadáil ciontach i líomhaintí cánach ach níor tharla sé sin nuair a cheistigh breitheamh comhaontú a rinne sé le hionchúisitheoirí (prosecutors).
Creideann Poblachtánaigh gur féidir leo cuid den bhrú atá ar Donald Trump a bhaint trí bhagairt a chur ar an Uachtarán Biden.
Tá siad ag obair chun aird a bhaint as tríú díotáil pholaitiúil (political indictment) an iar-Uachtarán agus ceannaire uachtaránachta a bpáirtí.
Mar sin féin, tá Poblachtánaigh deighilte go mór faoi tháinsiú Biden.
Tá Poblachtánaigh príomhshrutha (mainstream Republicans) – go háirithe iad siúd ó cheantair iomaíocha polaitiúla a bhuaigh an tUasal Biden – tar éis impí a chur ar Poblachtánaigh le bheith cúramach.
Tógann imeachtaí táinsiú méid ollmhór ama ar an urláir, rud a fhágann nach féidir mórán eile a dhéanamh sa Chomhdháil agus iad ar siúl.
Dúirt roinnt Poblachtánaigh freisin go gcaithfidh an Teach teacht ar éilliú (corruption) nó éagóir (wrongdoing) sula ndéanann lucht an dlí breithniú ar táinsiú.
Bheadh aon imeacht táinsiú cinnte freisin go dteipfidh air sa Seanad, atá á rialú ag na Daonlathaigh faoi láthair.
Ar an Máirt ag an Capitol, shoiléirigh McCarthy nach raibh sé fós ag fógairt fiosrúchán táinsiú, ach mhol sé go láidir go raibh rudaí ag dul sa treo sin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.