Chuir Coldplay dhá cheolchoirm eile lena gcuid gigeanna i mBaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn.
Tháinig an nuacht tar éis do go leor lucht leanúna a gcuid frustrachais a chur in iúl nuair a bhí siad ag iarraidh ticéad a fháil sa réamhdhíol (presale) ar maidin Dé Máirt.
Eisíodh ticéid réamhdhíola dá gcéad dhá cheolchoirm i bPáirc an Chrócaigh i mí Lúnasa seo chugainn ag 10am maidin Dé Máirt, ach bhí na mílte duine ag súil le ticéid a fháil.
Agus, dhá uair an chloig ina dhiaidh sin, ag meán lae, d’fhoghlaim na daoine nach raibh in ann ticéad a cheannach gur féidir leo dul tríd é sin arís le haghaidh ticéid mar bheidh dhá cheolchoirm eile i gCroker ag Coldplay.
Beidh na ticéid do na ceithre cheolchoirm ar díol ar Dé hAoine seo ag 10am. Agus beidh na ceolchoirmeacha i bPáirc an Chrócaigh an bhliain seo chugainn ar 29 agus 30 Lúnasa, agus 1 agus 2 Meán Fómhair.
Tá Coldplay ar a dturas Domhanda, Music of the Spheres.
Chuaigh go leor lucht leanúna ar na meáin shóisialta chun gearán a dhéanamh agus iad ag rá nach raibh siad in ann rochtain a fháil ar an suíomh chun ticéid a cheannach.
Dúirt roinnt daoine eile go bhfuair siad teachtaireachtaí earráide agus gur cuireadh chuig cúl na scuaine iad nuair a shroich siad an tosach agus go ndearna siad iarracht ticéid a cheannach.
Bhí breis agus 200,000 duine sna scuainí le haghaidh na dticéad réamhdhíola ar maidin Dé Máirt.
Dúirt Ticketmaster, áfach, go raibh gach rud in ord oibre, agus go raibh na ticéid á ndíol mar is gnách.
Mhol siad do lucht leanúna a dtaisce/fianáin (cache/cookies) a ghlanadh agus a chinntiú nach bhfuil aon bhogearraí VPN in úsáid acu.
D’fhéadfaidís brabhsálaí/gléas eile a úsáid freisin nó sonraí soghluaiste a úsáid in ionad wif, a dúirt Ticketmaster.
Agus bhí drochscéala ann fiú do lucht leanúna Coldplay a fuair ticéid mar beidh deacracht acu áit fanachta a fháil mura bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath.
Insíonn Booking.com do dhaoine nach bhfuil ‘99% de na háiteanna fanachta ar fáil ar na dátaí sin ar a shuíomh.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.