Tá rabhadh tugtha ag ambasáid Mheiriceá faoin gcontúirt ar shráideanna na hÉireann tar éis ionsaithe le déanaí.
Tá súil ag Gardaí gabháil a dhéanamh go luath i ndiaidh ionsaí ‘gan spreagadh’ ar phinsinéir ar an bhFaiche Mhór (Eyre Square) i nGaillimh i rith an lae.
Agus tugadh fear go dtí an ospidéal i mBaile Átha Cliath tar éis ionsaí agus robála eile in aice le stad an Luas ar Shráid Jervis.
Mar fhreagra ar na hionsaithe, d’admhaigh an Taoiseach gur theip ar an Rialtas dóthain gardaí a fhostú.
Bhí íospartach (victim) an ionsaí i nGaillimh sna 70idí agus ionsaíodh é ag thart ar 3.30 tráthnóna Dé Céadaoin, 12 Iúil.
D’fhéach bleachtairí ar CCTV agus tuigtear go bhfuil siad tar éis an fear a aithint agus go bhfuil siad ag súil le gabháil go luath.
Gortaíodh an duine ina leiceann agus ina bhéal.
Dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí gur ‘ionsaí iomlán randamach agus gan chúis ar bith’ a bhí ann, ar dhuine a bhí ag dul thar bráid agus é iomlán neamhchiontach.
Tharla an t-ionsaí i mBaile Átha Cliath déanach san oíche Dé Luain ag thart ar 11.45pm.
Tógadh an t-íospartach in otharcharr go dtí Ospidéal an Mater áit a bhfuil a ghortuithe tromchúiseacha ach nach bhfuil bagairt saoil air.
Tar éis ionsaithe le déanaí, tá rabhadh tugtha ag Ambasáid Mheiriceá.
Tagann an rabhadh i ndiaidh feirge an phobail i ndiaidh an ionsaí ar thurasóir Meiriceánach Stephen Termini i mBaile Átha Cliath.
Thug an Ambasáid rabhadh do thaistealaithe gan siúl ina n-aonar, go háirithe san oíche, suimeanna móra airgid a sheachaint agus uaireadóirí nó seodra costasach a choinneáil i bhfolach.
Spreag sé daoine freisin chun ‘próifíl íseal a choinneáil’, teorainn a chur lena n-úsáid as cluasáin agus gan a bheith ag stánadh ar ghutháin agus iad ag bogadh trí limistéir phoiblí.
Dúradh leo freisin gan pasanna agus earraí luachmhara a chur ‘i bpócaí seachtracha málaí droma nó sparáin nó ar bhoird in áiteanna poiblí’.
Dúirt an Taoiseach go mbeidh sé ag bualadh le Coimisinéir an Gharda, Drew Harris le leibhéal na n-ionsaithe foréigneacha a phlé.
Dúirt an tUasal Varadkar go raibh súil aige go n-earcófar (recruit) 200 garda an tseachtain seo, ach dúirt sé gur dóichí go mbeidh thart ar 90 duine ann.
‘Beidh sé deacair an sprioc 1,000 a bhaint amach ach nílimid ag scaradh uaidh agus mar chuid de mo chruinniú le Coimisinéir an Gharda Síochána feicfear cad is féidir linn a dhéanamh chun earcaíocht a fheabhsú.’
Dúirt sé go gcaithfidh an Rialtas ‘féachaint ar’ an liúntas oiliúna do ghardaí a mhéadú.
Dúirt sé freisin gur cheart féachaint freisin ar an teorainn aoise 35 bliain d’earcaigh nua chun earcaíocht a mhéadú.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.