Tá CLG cáinte ag Joe Canning as gan ligean do Luimneach agus Tiobraid Árann tacaíocht a thabhairt do charthanacht don laoch iomána Dillon Quirke.
Bhí na himreoirí ag iarraidh geansaithe a chaitheamh ag cur chun cinn fondúireacht charthanachta (charitable foundation) Dillon Quirke le linn a gcluiche Craobh na Mumhan i mí Bealtaine seo caite.
Bhí Canning ag labhairt ar an Sunday Game ar RTÉ faoi na tráthanna iomána is fearr den bhliain.
Ach dúirt sé go raibh eachtra amháin nach raibh go maith.
D’aontaigh Luimneach agus Tiobraid Árann geansaithe speisialta a chaitheamh ar a raibh lógó an ‘Dillon Quirke Foundation’ dá gcluiche Craobh na Mumhan ag Staid Semple ar 21 Bealtaine.
Seo i gcuimhne ar an iománaí a fuair bás agus é ag imirt cluiche iomána ansin.
D’imir Dillon Quirke do Thiobraid Árann agus Clonoulty–Rossmore ach fuair sé bás go tragóideach in aois a 24 tar éis titim i léig le linn cluiche club i Staid Semple i mí Lúnasa na bliana seo caite.
Ní raibh cead ag na foirne na geansaithe speisialta a chaitheamh áfach mar gheall ar an gcosc ar fhoirne CLG ó charthanachtaí a chur chun cinn ar a ngeansaithe.
Dúirt Canning: ‘Nuair a bhí Luimneach ag imirt Tiobraid Árann agus gan an geansaí urraíochta á chaitheamh acu, sin é mo nóiméad den bhliain domsa.’
Agu mhol se an bealach ‘a bhí Luimneach agus Tipp, fós ag caitheamh a bhfearas traenála (Dillon Quirke Foundation) le haghaidh an “warm up”,’ a dúirt Canning.
‘Dúirt muid é ar an lá sin. Ba mhór an náire é nár lig an CLG dóibh a dtacaíocht a thabhairt mar gur thug Dillon Quirke a shaol don CLG.
‘Agus ba rud mícheart domsa é sin ag CLG i mbliana, agus ba cheart é a aibhsiú anseo agus níos faide i gcéin arís.
‘Chaill an fear óg sin a shaol ar an bpáirc iomána, ar an bpáirc sin i nDurlas Éile (Thurles), agus an rud a rinne siad don fondúireacht, an teaghlach, an drochmheas a léirigh siad trí nár cheadaigh sin . . . agus ar mhaithe le Luimneach agus Tiobraid Árann araon, rinne siad rud bródúil an oíche sin..’
Bhí Joe Canning ina measc siúd a rinne an cinneadh seo a cháineadh ag an am, le Donal Óg Cusack agus Anthony Daly ag cáineadh an CLG as an aistriú ar an lá freisin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.