Coldplay le dhá cheolchoirm a chur ar siúl i Croker an bhliain seo chugainn

22/07/2023

Tá réamhdhíol (presale) ar na ticéid do cheolchoirmeacha Coldplay i bPáirc an Chrócaigh ar siúl Dé Máirt seo chugainn

Is í 2024 an bhliain ina mbeidh gigeanna suntasacha ann i mBaile Átha Cliath, le dhá cheolchoirm ag Coldplay i bPáirc an Chrócaigh.

Chuir an banna, a raibh an oiread sin ratha orthu leis an amhrán Viva La Vida, leid roimhe seo ag fógairt turas Eorpach, agus bhí lucht leanúna na hÉireann ag dúil go mór a bheith san áireamh.

Coldplay i mBaile Átha Cliath
Coldplay i mBaile Átha Cliath

Tar éis an rath a bhí ar chamchuairt staidiam Eorpach Coldplay i mbliana, d’fhógair an banna an tríú liosta dátaí Eorpacha do mhí an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa 2024.

Tá sé mar chuid dá dturas domhanda Music Of The Spheres.

Áiríonn an fógra dhá sheó i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath Déardaoin 29 agus Dé hAoine 30 Lúnasa.

Áirítear ar na dátaí freisin na chéad seónna riamh a rinne an banna sa Ghréig, sa Rómáin agus san Fhionlainn, chomh maith lena gcéad seó sa Róimh ó 2003 agus an chéad chuairt ar Bhúdaipeist ó 2008 i leith.

Coldplay
Coldplay

Is féidir leo siúd a bhfuil fonn orthu ticéid a fháil clárú don chéad rochtain sa réamhdhíol (resale) a thosaíonn do gach seó ar Dé Máirt seo chugainn, 25 Iúil ag 10rn.

Tosaíonn an díolachán ginearálta ag 10rn Dé hAoine, 28 Iúil.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram