Bhuail an Taoiseach le haisteoir i Kiev chun leithscéal a ghabháil as ionsaí i ‘mo bhaile dúchais’

21/07/2023

Bhí an Taoiseach ar cuairt gan choinne ar Kiev chun tacaíocht dhaonnúil a thabhairt do dhaoine san Úcráin

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar le haisteoir Úcránach i Kiev – a ionsaíodh i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite – go raibh brón air as an méid a tharla i ‘mo bhaile dúchais’.

Bhuail an Taoiseach le Oleksandr Hrekov
Bhuail an Taoiseach le Oleksandr Hrekov

Bhí an Taoiseach ar chuairt gan choinne ar Kiev chun bualadh le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ar Dé Céadaoin.

Ach bhuail sé le Oleksandr Hrekov freisin. Ionsaíodh Hrekov i lár chathair Bhaile Átha Cliath go gairid tar éis dó a bheith ag obair in Amharclann na Mainistreach.

Bhí sé mar chuid de ghrúpa amharclainne ó Kiev a thaistil go Baile Átha Cliath chun léiriú Translations le Brian Friel a chur ar siúl.

Thug Varadkar cuairt ar Hrekov agus dúirt sé: ‘Tá brón orm as an méid a tharla. Is é Baile Átha Cliath mo bhaile dúchais, ach uaireanta níl sé 100% sábháilte, faraor.’ Agus dúirt Hrekov: ‘Tá gach áit mar sin.’

Agus tar éis buaile le hUachtarán Zelensky labhair an Taoiseach faoi an uafás a chuir fórsaí na Rúise i bhfeidhm agus gheall sé tacaíocht phraiticiúil agus pholaitiúil a thabhairt do mhuintir na hÚcráine.

Bhuail an Taoiseach le Volodymyr Zelensky
Bhuail an Taoiseach le Volodymyr Zelensky

Ghabh an tUachtarán Zelensky buíochas le muintir na hÉireann agus dúirt sé, cé go bhfuil Éire neodrach ‘ní chiallaíonn sé sin neamhshuim’.

D’fhógair An Taoiseach €5 milliún i maoiniú daonnúil don Úcráin. Beidh €2 mhilliún ar fáil do  Chiste Daonnúla na Náisiún Aontaithe (United Nations Humanitarian Fund), agus €3 mhilliún le caitheamh san Úcráin ag an gCrois Dhearg.

Dúirt an tUasal Zelensky leis an Taoiseach go raibh sé ‘an-bhuíoch’ d’Éirinn as 87,000 teifeach ón Úcráin a ghlacadh.

Chuir an tUasal Varadkar tweet amach tar éis an chuairt agus dúirt sé: ‘Inniu san Úcráin tháinig mé aghaidh ar aghaidh leis an uafás a rinne fórsaí na Rúise.

‘Thug mé gealltanas don Uachtarán Zelensky agus do mhuintir na hÚcráine go leanfaimid orainn ag tairiscint ár dtacaíocht phraiticiúil chomh maith le tacaíocht pholaitiúil.’

I tweet ghabh an tUasal Zelensky buíochas le hÉirinn as a dtacaíocht le linn an chogaidh.

‘Cé gur tír neodrach í Éire, ní hionann an neodracht seo agus neamhshuim agus tá sé seo an-tábhachtach. Go raibh maith agat as do thacaíocht ar fad,’ a dúirt sé.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram