Tá eastát mór tuaithe (country estate) de chuid Chris De Burgh i gCo. Chill Mhantáin (Wicklow) díolta faoi dheireadh – tar éis ceithre bliana a bheith ar an margadh.
Tá ocht seomra leapa ag Eastát Pháirc Bushey in Áth na Sceire (Enniskerry). Tá linn snámha laistigh sa teach agus seomra práinne (panic room) i measc an-chuid eile.
Tá an teach mór suite ar 27 acra talún ach bhí deacracht ag De Burgh, arb é athair an iar-Miss World Rosanna Davison é, é a dhíol.
Cheannaigh an t-amhránaí, a d’éirigh go han-mhaith lena amhrán Lady In Red, an teach ó theaghlach Bisgood i 1996 agus chaith sé seacht mbliana ag athchóiriú (renovating) é.
Liostaíodh an ‘Georgian mansion’ ar dtús le díol ar €12.5 milliún ach tar éis easpa spéise laghdaíodh an praghas go €9.85 milliún i mí na Samhna anuraidh.
Agus ní raibh suim ar bith ann fós ar feadh i bhfad.
Ach tá Páirc Bushey bainte anois de shuíomh idirlín Lisney Sotheby’s International, áfach.
Dúirt urlabhraí ón ngníomhaire eastáit: ‘Is féidir linn a dheimhniú go bhfuil an teach díolta.’
Mar sin féin, dúirt siad: ‘Tá sonraí an díola faoi rún agus nílimid in ann trácht a dhéanamh faoi.’
Tá sé ráite cheana féin ag De Burgh , atá 74 bliain d’aois, gur ar airgead a bhí an cinneadh an teach inar thóg sé a chlann a dhíol.
Mar sin féin, tá sé ráite aige le déanaí go bhfuil sé ag iarraidh Páirc Bushey a dhíol mar go mbraitheann sé go bhfuil sé ró-mhór dó féin agus dá bhean chéile Diane, anois go bhfuil a bpáistí tar éis bogadh amach.
I measc na rudaí deasa I bPáirc Bushey freisin tá siléar fíona (wine cellar) a bhfuil spás ann do suas le 600 buidéal.
Ní bheidh an bailiúchán cáiliúil de Chris De Burgh de 320 buidéal fíona a bhí aige agus a dhíol sé ar ceant ag Christie’s i Londain i 2011 ar €400,000, a oibríonn amach ar €1,250 an buidéal.
Tá pictiúrlann sa teach freisin, chomh maith le táblaí ping pong agus seomra cluichí.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.