Thug Varadkar cuairt gan choinne ar Kiev chun tacaíocht dhaonnúil a thabhairt do dhaoine san Úcráin

20/07/2023

Bhuail an Taoiseach Leo Varadkar le Zelensky agus d’inis sé faoin uafás a chuir fórsa na Rúise i bhfeidhm

Thug an Taoiseach Leo Varadkar cuairt gan choinne ar Kiev chun bualadh le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky.

Tar éis an chruinnithe labhair an Toaiseach ar an uafás a chuir fórsaí na Rúise i bhfeidhm agus gheall sé tacaíocht phraiticiúil agus pholaitiúil a thabhairt do mhuintir na hÚcráine.

Ghabh an tUachtarán Zelensky buíochas le muintir na hÉireann agus bhí sé buíoch agus dúirt sé, cé go bhfuil Éire neodrach ‘ní chiallaíonn sé sin neamhshuim’.

Roimh an gcruinniú idir an dá cheannaire, thug an tUasal Varadkar cuairt ar cheantar tuaisceart Kiev i mBúcha áit a ndearna saighdiúirí Rúiseacha ainghníomhartha  (atrocities) i laethanta tosaigh an chogaidh.

Leo Varadkar agus Zelensky

D’fhógair An Taoiseach €5 milliún i maoiniú daonnúil don Úcráin. Beidh €2 mhilliún ar fáil do  Chiste Daonnúla na Náisiún Aontaithe (United Nations Humanitarian Fund), agus €3 mhilliún le caitheamh san Úcráin ag an gCrois Dhearg.

Dúirt an tUasal Zelensky leis an Taoiseach go raibh sé ‘an-bhuíoch’ d’Éirinn as 87,000 teifeach ón Úcráin a ghlacadh.

Le linn na cuairte, chosain arm na hÚcráine agus an ‘Garda Emergency Response Unit’ an tUasal Varadkar.

I mBúcha, bhuail an tUasal Varadkar le cuid de ghaolta an 501 duine a maraíodh sa cheantar.

Le linn na cuairte, thaispeáin Ard-Ionchúisitheoir (Prosecutor) na hÚcráine taispeántas grianghraf dó de dhí-adhlacadh (exhumations) na gcorp a bhí ann tar éis fórsaí na Rúise a thiomáint amach.

Varadkar

Leag an Taoiseach bláthfhleasc (wreath) chun ómós a thabhairt do shaighdiúirí a bhí tar éis an arm Rúiseach a choinneáil i Moschun, foraois bhruachbhailteach (suburban forest), ag cosaint Kiev i laethanta tosaigh an chogaidh.

Bhí sé le dul go Irpin freisin, áit ar maraíodh an t-iriseoir Éireannach Pierre Zakrzewski, in éineacht leis an aistritheoir Oleksandra Kuvshynova.

Ar an gclár taistil freisin bhí cuairt ar Horenka, ceantar cónaithe a bhí faoi scáth agus buailte ag fórsaí na Rúise freisin.

Ar cheann de na bloic árasán a bhfuil damáiste mór déanta dó tá múrmhaisiú Banksy d’fhear ag folcadh (bath) sna fothracha (ruins).

Chuaigh an tUasal Varadkar chuig droichead Romanivsky freisin, áit ar mharaigh na Rúisigh daoine ón Úcráin a bhí ag iarraidh teitheadh ó Irpin i Márta na bliana seo caite.

Scrios arm na hÚcráine an droichead chun dul chun cinn na Rúise a mhoilliú agus tá sé á atógáil anois.

Bronnadh bonn saighdiúir Úcránach a maraíodh ag cosaint an droichid ar an Taoiseach.

Bhí an tUasal Varadkar le bheith i mbun cainteanna le Príomh-Aire na hÚcráine Denys Shmyhall agus le Ceann Comhairle na Rada, na parlaiminte, Ruslan Stefanchuk.

Varadkar

Bhíothas ag súil freisin go mbuailfeadh sé le baill den phobal beag Éireannach i bpríomhchathair na hÚcráine.

Rinne an tUasal Varadkar tweet tar éis an chuairt agus dúirt sé: ‘Inniu san Úcráin tháinig mé aghaidh ar aghaidh leis an uafás a rinne fórsaí na Rúise.

‘Thug mé gealltanas don Uachtarán Zelensky agus do mhuintir na hÚcráine go leanfaimid orainn ag tairiscint ár dtacaíocht phraiticiúil chomh maith le tacaíocht pholaitiúil.’

I dtvuít ghabh an tUasal Zelensky buíochas le hÉirinn as a dtacaíocht le linn an chogaidh.

‘Cé gur tír neodrach í Éire, ní hionann an neodracht seo agus neamhshuim agus tá sé seo an-tábhachtach. Go raibh maith agat as do thacaíocht ar fad,’ a dúirt sé.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram