Giggs ag iarraidh filleadh ar bhainistíocht agus ar chóitseáil sa pheil

20/07/2023

Níl atriail Giggs faoi líomhaintí foréigean baile ag dul ar aghaidh

Tá Ryan Giggs ag iarraidh filleadh ar bhainistíocht agus ar chóitseáil sa pheil mar níl a atriail faoi líomhaintí foréigean baile ag dul ar aghaidh.

Bhí Giggs – iarbhainisteoir na Breataine Bige agus imreoir Manchester United – le dul ar a thriail níos déanaí an mhí seo.

Cúisíodh é as ionsaí agus smacht a chur ar a iar-chailín Kate Greville, agus as ionsaí a dhéanamh ar a deirfiúr níos óige, Emma.

Ach ar maidin Dé Máirt, dúirt ionchúisitheoirí (prosecutors) nach mbeadh siad ag lorg triail úr mar nach mbeadh Greville sásta láithriú mar fhinné.

Dúirt sí gur ‘bhain an chéad triail an oiread aisti féin agus as a deirfiúr’.

Giggs

Ina dhiaidh sin, dúirt foinse: ‘Tá sé ar intinn aige a ghairm bheatha bhainistíochta agus chóitseála a atosú. Tá gnó fós aige sa chluiche.

‘Le trí bliana anuas tá a shaol curtha ar sos ach is fear ollmhór peile é.

‘Fuarthas neamhchiontach é agus tá sé ag iarraidh dul isteach sa chluiche ar ais.’

Bhí Giggs le cur ar a thriail arís an 31ú Iúil faoi líomhaintí faoi iompar urlámhach agus comhéigneach in aghaidh Kate Greville, atá 39 bliain d’aois, idir mí Lúnasa 2017 agus mí na Samhna 2020.

Bhí sé curtha ina leith freisin gur ‘chaill sé smacht air féin’ agus gur tharraing sé iarraidh uirthi lena chloigeann.

Cuireadh ina leith chomh maith gur ionsaigh sé deirfiúr le Kate Greville, Emma, lena uillinn ina theach cónaithe i Manchain, an 1ú Samhain 2020.

Giggs
Ryan Giggs ag imirt le Manchester United

Shéan Giggs na líomhaintí ar fad.

Cuireadh ar a thriail cheana é – cás cúirte a mhair os cionn míosa an Samhradh seo caite – ach theip ar an ngiúiré a theacht ar bhreithiúnas.

Bhí ath-triail beartaithe ach thug abhcóide ar son an Stáit le fios don Bhreitheamh nach raibh ar chumas Kate Greville fianaise a thabhairt arís.

Thug an Breitheamh ansin breithiúnas neamhchiontach ar Ryan Giggs i leith na gcúiseamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram