Cath na bhfathach a bheidh ann arís i mbliana agus Ciarraí ag imirt in aghaidh Bhaile Átha Cliath mar gheall ar obair David Clifford.
Agus mhol bainisteoir Chiarraí, Jack O’Connor, David Clifford go mór.
Bhuaigh Ciarraí in aghaidh Dhoire 1-17 le 1-15 i bPáirc an Chrócaigh.
Ag labhairt dó faoi Clifford, dúirt O’Connor: ‘An bealach a d’imir sé sa dara leath, sa mhéid is go raibh sé sásta na foirne dul thar an líne.
‘Shíl mé gur obair dochreidte sa dara leath a bhí ann.
‘Seo fear atá ag imirt faoi bhrú, agus gach súil air – marcáilte dúbailte, triarach agus fós aimsíonn sé bealach, mar sin “hats off” dó, is iontach an léiriú é sin.
‘Tháinig sé amach ar an bpáirc agus an ceathrú uaire a’ chloig caite agus bhí sé ar ais ina líne lánchúlaí féin agus bhí sé ag déanamh rudaí nach bhfaca mé é ag déanamh roimhe seo – ag buachan na liathróide istigh ina chearnóg féin agus rudaí mar sin,’ a dúirt bainisteoir Chiarraí.
Bhí coimhlint ollmhór geallta ag cluiche Dé Domhnaigh idir bheirt mhórimreoirí Chrissy McKaigue as Doire agus David Clifford as Ciarraí.
Agus tharla sé sin ach ba é Clifford a bhí an cluiche is fearr sa deireadh.
D’oscail sé an scór freisin.
Ní raibh ar Dhoire fanacht ró-fhada ar chúl agus scóráil siad cúpla nóiméad ón tús. Scóráil Gareth McKinless tar éis bac a chur ar a chéad urchar.
Is dócha go raibh siad fós ag ceiliúradh ina gcinn nuair a bhí cúl ag Ciarraí.
Fuair Gavin White pas ó Seánie O’Shea agus chuir sé an liathróid isteach sa líontán gan ach 35 soicind tar éis an cúl a bhí ag Doire.
Faoi leath-ama, bhí a cluiche chun cinn tuillte ag Doire 1-11 in aghaidh 1-08 i gcluiche leathcheannais iontach.
De réir mar a chuaigh an teagmháil dhian ar aghaidh, bhí botúin ar an dá thaobh.
Ach le 12 nóiméad bhí brú ar Clifford ach fuair sé pointe as chun na taobhanna a thabhairt cothrom.
As sin thosaigh Ciarraí ag fáil na pointí le Stephen O’Brien agus Clifford ina dhiaidh sin, agus ansin chuir Seán O’Shea ceann eile thar an mbarra chun Ciarraí a chuir chun cinn ag 1-17 Doire 1-14 le ceithre nóiméad gortaithe le dul.
Thosaigh Ciarraí ag dul i ngleic le liathróid coinneála agus fuair Doire pointe amháin ar ais. Ach bhí an bua ag Ciarraí.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.