Bhí Cillian Murphy agus aisteoirí cáiliúla Hollywood eile le feiceáil ag an premier den scannán nua mór le rá, Oppenheimer, agus ansin shiúil siad amach.
D’fhógair na haisteoirí go bhfuil siad ag dul ar stailc, chun tacú le scríbhneoirí Hollywood, den chéad uair i 63 bliain.
Theip ar chainteanna chun stop a chur leis an stailc agus anois táthar ag súil go dtiocfaidh deireadh le beagnach gach léiriú scannán agus clár teilifíse atá á dhéanamh.
‘Ar an drochuair, tá siad imithe chun a gcuid comharthaí picéad a scríobh,’ a dúirt an stiúrthóir Christopher Nolan leis an lucht féachana ag an premier.
Dúirt Nolan go bhfuil na haisteoirí tar éis dul ar stailc lena scríbhneoirí ‘ar son pá cothrom do bhaill oibre a gceardchumann’.
Tá ionadaíocht 160,000 ag an Screen Actors Guild lena n-áirítear roinnt aisteoirí an-cháiliúla ar nós Meryl Streep, Jennifer Lawrence agus Glenn Close.
Tá an stailc ar son pá níos fearr agus chun déileáil le bagairt na hintleachta saorga (artificial intelligence) do scríbhneoirí agus aisteoirí.
Cuirfear sraitheanna teilifíse agus mórscannáin mhóréilimh ar athló anois agus cuirfidh an stailc cosc ar aisteoirí scannáin a chur chun cinn.
Dúirt Emily Blunt, atá in Oppenheimer le Murphy, le tuairisceoirí go raibh na haisteoirí ag fágáil an premier i Londain mar chomhartha aontacht le scríbhneoirí agus aisteoirí.
Is é Oppenheimer an scannán is mó faoi láthair, chomh maith le Barbie, agus bhí an premier Meiriceánach le bheith ar siúl i Nua-Eabhrac ar Dé Luain, ach tá sé i measc roinnt scannán eile a bhfuiltear ag súil nach rachaidh siad ar aghaidh.
Mar sin féin, sular imigh Murphy agus Blunt ar stailc bhí an-chuid caint fútha.
Bhí Murphy gléasta i stíl Harry Styles, bhuel, leis an léine ar aon nós.
Chaith sé léine dhubh ‘see-through’ le seaicéad agus bríste déanta as fabraic éadrom, péire buataisí leathair dubh agus carbhat ‘bolo’.
D’fhéach Blunt go hiontach ina gúna ‘futuristic’ de chuid Alexander McQueen le gualainne móra, neart imeall, agus sequins gan deireadh.
Chaith Blunt, atá 40 bliain d’aois, sála arda dubha agus péire fáinní cluaise diamanta.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.